An difríocht idir athruithe ar: "Colm Cille"

Content deleted Content added
m robot Adding: sv:Columba (missionär)
No edit summary
Líne 1:
Is é '''Colm Cille''' an naomh [[Gael|Gaelach]] is mó a urramaítear go traidisiúnta i g[[Cúige Uladh]]. Rugadh sa bhliain 512521 é i n[[Gartán]]. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na h[[Uí Néill]] - le sliocht [[Niall Naoighiallach|Néill Naoighiallaigh]], ríthe Gaelacha Uladh. Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air, ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air.
 
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i g[[Contae an Dúin]] agus i g[[Cúige Laighean]]. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Ultaibh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.