An difríocht idir athruithe ar: "Colm Cille"

Content deleted Content added
No edit summary
Íomhá +Rang
Líne 1:
[[Íomhá:Columba at Bridei's fort.jpg|thumb|Colm Cille agus [[na Cruithnigh]].]]
Is é '''Colm Cille''' an naomh [[Gael|Gaelach]] is mó a urramaítear go traidisiúnta i g[[Cúige Uladh]]. Rugadh sa bhliain 521 é i n[[Gartán]]. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na h[[Uí Néill]] - le sliocht [[Niall Naoighiallach|Néill Naoighiallaigh]], ríthe Gaelacha Uladh. Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air, ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air.
 
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta[[Críostaíocht]]a agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i g[[Contae an Dúin]] agus i g[[Cúige Laighean]]. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Ultaibh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.
 
Ba dhóbair do Cholm Cille, áfach, nárbh é a shaint i léann a chaill é. Fuair sé iasacht leabhair ó [[Naomh Fíonán|Fhíonán]], a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, agus nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach, agus troideadh cath mór i g[[Contae Shligigh]] sular tháinig an scéal chun réitigh. Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "[[An Cathach]]" ar an gcóip sin den leabhar - agus chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in [[Alba|Albain]] mar bhreithiúnas aithrí. B'ansin a bhunaigh sé an mhainistir in Oileán Í ([[Í Cholm Cille]]), agus b'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht agus an Ghaeilge i bhfairsinge ar fud na hAlban.
Line 8 ⟶ 9:
 
==Naisc sheachtracha==
* [http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/Meanman/Colm_Cille.html Colm Cille] le [[Seán Bán Mac Meanman]]. Aire: tá an sliocht seo scríofa sa litriú réamh [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]]ach.
* [http://www.aislingmagazine.com/aislingmagazine/articles/TAM22/Colm%20Cille.html Colm Cille] le [[Pádraig Ó Fiannachta]]
 
{{síol}}
[http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/Meanman/Colm_Cille.html Colm Cille] le [[Seán Bán Mac Meanman]]. Aire: tá an sliocht seo scríofa sa litriú réamh [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]]ach.
 
[http://www.aislingmagazine.com/aislingmagazine/articles/TAM22/Colm%20Cille.html Colm Cille] le [[Pádraig Ó Fiannachta]]
 
{{stumpa}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 521]]
[[Catagóir:Básanna i 597]]
[[Catagóir:Naoimh]]
 
[[br:Koulm (sant)]]