An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Oileán Mhanann"

Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 14:
Agus measaim féin go mbeadh sé béasach dá gcuirfeása, nó daoine eile a bhíonn ag aistriú leathanaigh ach ná scríobhann dada, an ceist faoinár mbráid, sul má thosaíonn tú ag aistriú. Bhí daoine sásta go maith le ¨Alba¨ mar theideal ar feadh roinnt mhaith míosa, agus aistrítear an alt idir Nollaig agus an bhliain nua, gan cheart, gan chomhairle. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 22:52, 12 Ean 2005 (UTC)
:Ní fútsa ná faoi aon Vicipéideoir an cheart chun an Caighdeán Oifigiúil a athrú. Níl an Duinínneach níos údarásaí ná foclóirithe nua-aimseartha. Dúirt mé an fhírinne theangeolaíoch leat: Bhí ''Éire'', ''Alba'', agus ''Mana'' sa tuiseal ainmneach, tráth, ach chailleadh ''Alba'' agus ''Mana'' in Éirinn i bhfabhar ''Albain'' agus ''Manainn''. In Alban a tharla a mhalairt: choinníodh ''Alba'' ansin, agus chailleadh ''Eire'' agus níl ach ''Eirinn'' in úsáid mar thuiseal ainmneach i nGàidhlig. Is féidir leat creideamh go bhfuil earráidí i bhfoclóir de Bhaldraithe. Ach mar a dúirt mé: "Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán, agus ciallaíonn sin de Bhaldraithe, Dineen, agus foclóirí eile de chuid an Gúm. ''Tíreolaíocht agus Pleanáil'': Albain ''f.'', ''gen.'' na hAlban. ''Foclóir Póca'' Albain ''f.'', ''g.'' na hAlban. de Bhaldraithe, ''idem''. ''Atlas a Dó do Scoileanna na hÉireann'' 1978: Albain. ''Collins Gem Irish Dictionary'' 1995: Albain. ''Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil'' 1958, 1979: Albain. Ní caighdeánach é foclóir an Duinníneach." Agus bhí na rudaí seo ráite agam ar [[Plé:Albain]] ar Lá 'le Stiofáin. [[Úsáideoir:Evertype|Evertype]] 12:11, 22 Ean 2005 (UTC)
 
 
Tá sé seo ar fad freagraithe agam, m.sh, san alt ar ¨Alba¨. Agus ní tusa an t-údarás ar fóclóirithe na Gaeilge, a bhuíochas mór le Dia. Agus mar a dúras, níl ciall le rá gur ¨cailleadh¨ foirmeacha nach n-úsáidtear de ghnáth. B´fhéidir gur éasca duitse gach ní i bhfoclóiribh an Ghúim a chreidiúint, ach ní gá gur ansin atá deireadh an scéil i gcónaí. Tá botúin go leor ag an Gúm agus ag Acmhainn i gcónaí - m.sh., le tíortha eile, déanann siad an dearmad go h-iondúil ¨fada¨ na Spáinnise a asitriú go ¨fada¨ na Gaeilge, cé gur mhalairt úsáide ar fad atá leis. Agus nuair is i nGaeilge na hÉireann atáimid, níl ciall a bheith ag sá ¨Gàidhlig¨ isteach mar theanga níos mó ná ¨deutsch¨ nó ¨Hrvatski¨. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 03:16, 23 Ean 2005 (UTC)
Return to "Oileán Mhanann" page.