An difríocht idir athruithe ar: "Micreathonnán"

Content deleted Content added
Íomhá arna cur leis an alt
Líne 1:
[[Íomhá:Microwave oven.jpg|thumb|deas|200px|Micreathonnán]]
 
Is é is '''micreathonnán''' nó '''oigheann micreathonnta''' ann ná gléas cócaireachta ina n-úsáidtear micreathonnta, is é sin, radaíocht a bhfuil minicíocht agus tonnfhad na radathonnta is airde minicíochta, nó is lú tonnfhaid, aici. D'fhéadfá a rá go bhfuil na micreathonnta idir na gnáth-radathonnta agus an radaíocht infridhearg (an radaíocht teasa). Is é an tonnfhad is tipiciúla ag na micreathonnta san oigheann den chineál seo ná 12.24 cm, agus é ag freagairt do mhinicíocht 2.45 GHz. Is é an rud atá ag tarlú le linn úsáid an mhicreathonnáin ná go bhfuil na micreathonnta ag dul tríd an mbia agus an bia ag glacadh fuinnimh chuige ó na tonnta tríd an bpróiseas ar a dtugtar téamh tréleictreach. Tá a lán móilíní ann, sa bhia féin, a bhfuil móimint dhépholach ag baint leo, is é sin, is féidir pol leictreach diúltach agus pol leictreach deimhneach a aithint ar an móilín, ós rud é nach bhfuil na leictreoin scaipthe cothrom ar fud an mhóilín. Faoi thionchar na micreathonnta, tosóidh na móilíní seo ag iarraidh iad féin a chur faoi ordú a cheadódh dóibh pol diúltach a chur in aice le pol deimhneach an mhóilín eile agus a mhalairt. Ansin, tosóidh siad ag rothlú, agus is é an rothlú seo is cúis leis an téamh.