An difríocht idir athruithe ar: "Mairéad Ní Mhaonaigh"

Content deleted Content added
m Naisc
No edit summary
Líne 2:
Is [[amhránaí]] agus fidléir í '''Mairéad Ní Mhaonaigh''' (a rugadh sa bhliain [[1962]]) as [[Gaoth Dobhair]], [[Contae Dhún na nGall|Dún na nGall]], [[Éire]].
 
Tá clú agus cáil ar Mhairéad mar bhall ar an grúpa fíorcháiliúil [[Altan]]. Tógadh éí féin, a deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna i gCois Cláidí ar an mBun Beag, agus d'fhreastail sí ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Múinteoir agus príomhoide bunscoile ba ea a hathair, Proinsias (Francie) i scoil an Luinnigh. Bhí cáil ar Francie mar fhidléir, mar dhrámadóir (scríobh sé geamaireachtaí d'[[Amharclann Ghaoth Dobhair]] ar feadh na mblianta) agus mar chumadóir an amhráin 'Gleantán Glas Ghaoth Dobhair.
 
D'fhoghlaim Mairéad an ceol óna hathair agus ón fhidléir cáiliúil Dinny McLaughlinn (a raibh an grúpa traidisiúnta Aileach aige) agus d'fhoghlaim sí amhráin traidisiúnta Thír Chonaill fosta le linn a hóige. Casadh an ceoltóir Frankie Kennedy uirthi nuair a bhí sí cúig bliana déag d'aois agus chuaigh siad beirt le bunmhúinteoireacht i m[[Baile Átha Cliath]]. Chaith siad cúpla bliain ag seinm le chéile agus phós siad sa bhliain [[1981]]. Tar éis tamall de bhlianta d'éirigh siad as an mhúinteoireacht agus thosaigh ag seinm go lánaimseartha lena ngrúpa Altan. Fuair Frankie bás go hóg sa bhliain 1994 ach lean Mairéad agus an grúpa ar aghaidh agus bhain cáil agus gradam idirnáisiúnta amach.
 
Phós Mairéad ball den ghrúpa Altan, Dermot Byrne agus tá iníon amháin acu. Chomh maith leis an cheol chuir Mairéad cláir raidió agus teilifíse i láthair.