An difríocht idir athruithe ar: "Judit Polgar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Polgar.jpg|right|thumb|200px|Judit Polgar]]
Is í '''Judit Polgár'''Polgar, (rugadh [[23 Iúil]], [[1976]] i mBudapest, [[An Ungáir]]) an banfhicheallaí is láidre riamh. B'í an chéad bhean a bhí páirteach san chraobh dhomhanda [[Ficheall|fichille]], i San Luis, [[An Airgintín]] i 2005.
 
Bhain sí stádas ÁrdMháistir amach sa bhliain [[1991]] nuair nach raibh sí ach 15 bhliain agus 4 mhí d'aois. Ag an am sin, ba í an duine is óige riamh chun sin a dhéanamh.
Tá sí pósta le Gustav Fonts. Rugadh mac di i 2004 (Olivér) agus rugadh iníon di i 2006 (Hanna).
 
==Cúlra==
 
Is Giúdach í Judit Polgar, ó [[Budapest]]. Maraíodh gaolta léi san [[Uileloscadh]].
 
Bhí Judit agus a beirt deirfiúracha níos sine ([[Zsuzsa]] agus [[Sofia]]) páirteach i dturgnamh oideachais dirithe ag a n-athair, László Polgar, a bhí ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil páistí ábalta sár-éachtaí a bhaint amach má mhúintear iad in ábhar éigin ó bhíonn siad an-óg. Mhúin László agus a bhean Klara an tríur deirfiúr sa bhaile agus rinne siad saincheird den fhicheall. Bronnadh stádas ArdMháistir Fichille ar Judit agus Zsuzsa i 1991. Bronnadh stádas Máistir Idirnáisiúnta Fichille ar Sofia.
 
 
Cé go bhfuil a tuismitheoirí agus a deirfiúracha tar éis dul ar imirce, tá Judit fós ina cónaí san Ungáir. Tá sí pósta le treidlia darbh ainm Guzstav Fonts agus tá beirt clainne acu.
 
==Ficheall==
 
Ba í a deirfiúr Zsuzsa a traenálaí nuair a bhí sí óg. B'fhearr le Judit bheith ag imirt i gcomortais oscailte i gcónaí - sheachain sí comórtaisí ban de ghnáth. Fuair sí an ceann is fearr ar ÁrdMháistir (Vladimir Kovacevic) don chéad uair nuair nach raibh sí ach 11 bhliain d'aois.
 
Tá buanna aici ar a lán imreoirí cáiliúla, [[Garry Kasparov|Kasparov]], [[Viswanathan Anand|Anand]] agus [[Topalov]] san áireamh.
 
I mí na Samhna 1995, bhain sí áit amach ar liosta grádaithe [[FIDE]] de na 10 bhficheallaí is airde ar domhain. Is í an t-aon bhean riamh chun bheith i measc an deichniúr ficheallaí is airde.
 
I Mean Fómhair 2005 ba í an chéad bhean riamh a bhí páirteach i gcomórtas i San Luis, [[An Airgintín]] chun an curadh domhanda fichille a roghnú, ach níor éirigh go maith léi. Chríochnaigh sí san áit deireanach (8ú).
 
I Deireadh Fomhair 2006 roinn sí an chéad áit i gcomórtas láidir in Essent, san [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Bhí dhá bhua aici ar Topalov (bhí an grádú FIDE is airde ag Topalov ag an am sin).
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1976|Polgar, Judit]]