An difríocht idir athruithe ar: "Judit Polgar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Polgar.jpg|right|thumb|200px|Judit Polgar]]
Is í Judit Polgar, (rugadh [[23 Iúil]], [[1976]] i mBudapest, [[An Ungáir]]) an banfhicheallaí is láidre riamh.
 
Bhain sí stádas ÁrdMháistir amach sa bhliain [[1991]] nuair nach raibh sí ach 15 bhliain agus 4 mhí d'aois. Ag an am sin, ba í an duine is óige riamh chun sin a dhéanamh.
Line 10 ⟶ 9:
 
Bhí Judit agus a beirt deirfiúracha níos sine ([[Zsuzsa]] agus [[Sofia]]) páirteach i dturgnamh oideachais dirithe ag a n-athair, László Polgar, a bhí ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil páistí ábalta sár-éachtaí a bhaint amach má mhúintear iad in ábhar éigin ó bhíonn siad an-óg. Mhúin László agus a bhean Klara an tríur deirfiúr sa bhaile agus rinne siad saincheird den fhicheall. Bronnadh stádas ArdMháistir Fichille ar Judit agus Zsuzsa i 1991. Bronnadh stádas Máistir Idirnáisiúnta Fichille ar Sofia.
 
 
Cé go bhfuil a tuismitheoirí agus a deirfiúracha tar éis dul ar imirce, tá Judit fós ina cónaí san Ungáir. Tá sí pósta le treidlia darbh ainm Guzstav Fonts agus tá beirt clainne acu.