An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
nasc a bhí briste
No edit summary
Líne 31:
D'fhill Eibhlín Nic Dhubhghaill abhaile, ach ba dhóbair di go linseálfadh slua de dhaoine feargacha í ar thairseach an tí. D'éalaigh sí go Sasana, ach tháinig a míchlú ansin roimpise. Deirtear gur thug sí aghaidh ar an Astráil ansin, agus go bhfuair sí bás ansin timpeall na bliana 1868. D'éalaigh Margaret Hare ó lucht a linseála freisin, agus an chuma ar an scéal gur theith sise go hÉirinn. Sin a bhfuil ar eolas fúithi.
 
Scaoileadh saor le Mac Uí Eadhra i bhFeabhra 1829. Bhí scéalta ag imeacht faoi agus iad ag tabhairt le fios gur fearrfear iarrtha déirce a bhí ann a raibh radharc a shúl caillte aige. Níor dearbhaíodh na scéalta seo riamh. Chonacthas an uair dheireanach é i gCarlisle, Sasana.