An difríocht idir athruithe ar: "An Mhotúis Hírí"

Content deleted Content added
Nua-Ghuine Phapua cannot take article, thus i not sa
No article with Nua-Ghuine Phapua!
Líne 13:
==Forbairt na teanga Hiri Motu==
 
Tá an teanga Motu á labhairt ag cúig mhíle fichead de dhaoine timpeall Port Moresby inniu. B'as measc lucht a labhartha a d'earcaítí na póilíní nuair a bhí an Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht go fóill. Mar sin, d'fhoghlaim cainteoirí na dteangacha eile faoin tuath go gcaithfidís Motu a labhairt leis na húdaráis, agus, de réir an riachtanais, tharraing siad orthu féin cibé blúirín den teanga sin a bhí acu. Sin mar a d'fhorbair an teanga Hiri Motu - nó Police Motu, is é sin, "Motu na bpóilíní", mar a thugtaí uirthi freisin.
 
Siúd is gur léir do chách an chosúlacht atá idir an teanga Hiri Motu agus an teanga bhundúchasach as ar eascair sí, is léir inniu gur dhá theanga éagsúla iad, agus níl sé furasta mórán adhmaid a bhaint as teanga amháin acu mura bhfuil agat ach an ceann eile. Rinneadh an-simpliú ar ghramadach na teanga Motu, nuair a múnlaíodh an teanga Hiri Motu, agus dáiríre, sin é an rud is dual do na nasctheangacha ar fad. Thairis sin, tá stór focal na teanga Hiri Motu difriúil leis an teanga Motu, ós rud é gur fháiltigh an teanga Hiri Motu isteach gach cineál iasachtaí ón mBéarla agus ó na teangacha áitiúla. Mar sin féin, is focail de bhunadh Motu iad nócha faoin gcéad de stór focal na teanga Hiri Motu.
 
Inniu, tá an teanga Hiri Motu ag 120,000-200,000 duine sai Nua-Ghuine Phapua. Tá 6 % de dhaonra na tíre in ann í a léamh is a scríobh. Níl sí ó dhúchas ach ag fíorbheagán, agus dealraíonn sé go bhfuil sí ag géilleadh don teanga Tok Pisin agus don [[Béarla|Bhéarla]] mar fhrancbhéarla. Mar sin féin, is teanga oifigiúil í i gcónaí, agus úsáid á baint aisti i bpairlimint na Nua-Ghuine Phapua, ar an teilifís agus ar an raidió.
 
{{stumpa}}