An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"
Content deleted Content added
Image + caption |
Guliolopez (plé | dréachtaí) m ~Íomhá |
||
Líne 1:
'''Väinö Valtteri Linna''', a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 Nollaig]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], b'eisean scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san fhíchiú haois. Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le [[Cumannachas]] ná fiú le [[Daonlathas Sóisialta]]. Rinne sé a chomhionannú le haicme na n-oibrithe sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.
[[Image:20 markkaa (Finland 1993).JPG|thumb|250px|Väinö Linna ar an nóta bainc Fionlainne, agus le radharc [[Tampere]] ar an taobh eile.]]▼
==Cruachás a Óige==
▲[[Image:20 markkaa (Finland 1993).JPG|thumb|250px|Väinö Linna ar an nóta bainc Fionlainne, agus le radharc [[Tampere]] ar an taobh eile.]]
Tionóntaí talún agus scológa ab ea iad muintir Linna, agus iad ag cur fúthu in Urjala leis na cianta cairbreacha anuas. Bhí athair an scríbhneora, Vihtori, ina thionónta ar thailte an tiarna talún a bhí i seilbh an mhaintí úd Honkala i bparóiste Urjala, agus é ag obair sa seamlas áitiúil san am céanna le tuilleadh airgid a shaothrú. Cailleadh le fiabhras é nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill seacht mbliana d'aois, agus níor mhór don mháthair dul ag obair. Roimhe sin féin, bhí triúr deartháracha le Väinö óg básaithe leis an eitinn a bhí ina sciúirse mhillteanach i measc na mbocht. Bhí an dearg-ádh leis an scríbhneoir nár tholg sé féin an galar ina pháiste dó.
|