An difríocht idir athruithe ar: "Úrscéal"

Content deleted Content added
m robot Modifying: bg:Роман
No edit summary
Líne 1:
Is iomaí sainmhíniú a thugtar ar an bhfocal '''úrscéal''', agus is iomaí leabhar agus alt atá scríofa faoi. Maítear gur cineál nua litríochta é a tháinig chun cinn tar éis an Renaissance, le Don Quixote, a scríobh an Spáinneach [[Miguel de [[Cervantes]] Saavedra sa séú haois déag, agus gur bhláthaigh sé ar feadh na gcéadta bliain ó shin go háirithe sa Fhraincis, sa Rúisis, agus sa Bhéarla. Ach tá sé ráite freisin gur féidir úrscéalta a thabhairt ar leabhair ar nós an Satyricon, a scríobh comhairleoir an Impire Nero, [[Petronius Arbiter|Petronius]], timpeall na bliana 61 i ndiaidh bhreith Chríost.
 
Is é an sainmhíniú is simplí is féidir a thabhairt ar úrscéal ná saothar ficsin ina bhfuil aontas plota agus carachtar agus é fada go leor le cur i gcló mar leabhar.