An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Halla baile"

Content deleted Content added
Nmacu (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 253:
==Teimpléid - Ceist ghinearálta==
Tá sé tugtha faoi deara agam go mbíonn teimpléid dhátheangacha in úsáid ar roinnt de na vicíanna eile. Séard a bhíonn i gceist ná go n-aithníonn na teimpléid seo ainmneacha na n-athróg i dteanga dhúchais an vicí agus i mBéarla. Is é an buntáiste a bhaineann leis seo ná gur féidir cur i bhfeidhm teimpléad (m.sh. bosca sonraí éigin) a chóipeáil trasna ó Wikipedia agus ní gá ainmneacha na n-athróg a aistriú go Gaeilge - oibreoidh na hathróga i mBéarla - ach ar ndóigh beidh na lipéid do na hathróga i nGaeilge. Éiríonn an eagarthóireacht i bhfad níos éasca mar nach gá a bheith ag breacadh suas brí na n-athróg i gcónaí agus is féidir díriú isteach ar an ábhar a bheidh le feiceáil ar an leathanach a aistriú go Gaeilge. Ceapaim go mbeadh sé seo ach go háirithe úsáideach do núíosaigh. Tá sampla den cur i bhfeidhm seo le feiceáil ar an Vicipéid Chatalóineach: [[:ca:Plantilla:Infobox_Software]]. Bhur dtuairimí? [[Úsáideoir:Nmacu|Nmacu]] 13:31, 30 Eanáir 2008 (UTC)
: Hmmm. An-suimiúil ar fad :) Is féidir linn an leagan seo a úsáid anseo freisin ach tá sé an-chasta ... beagnach ró-chasta. Saghas "tromluí cothabhála", b'fhéidir. An féidir linn triall a bhaint as ar [[Teimpléad:Bosca Sonraí Bogearraí]]? Déanfaidh mé an obair air, más maith leo ... - [[Úsáideoir:Alison|<span style="color:#FF823D;font-family: comic sans ms">'''A<font color= "#FF7C0A">l<font color= "#FFB550">is</font>o</font>n'''</span>]] <sup>[[Plé_úsáideora:Alison|❤]]</sup> 05:46, 31 Eanáir 2008 (UTC)