An difríocht idir athruithe ar: "Oifig na nOibreacha Poiblí"

Content deleted Content added
Tús ailt, le híomhá
 
Rang +IV
Líne 1:
[[Íomhá:Oifig na nOibreacha Poiblí.gif|thumb|deas|250px|Lógó an Chomhlachais]]
 
Tá '''Oifig na nOibreacha Poiblí''' ar cheann de na comhlachais stáit is sine in [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]]. Bunaíodh í i [[Lúnasa]] [[1831]]<ref>http://www.opw.ie/about/fr_history.htm</ref>, chun maoirseacht náisiúnta a dhéanamh ar oibreacha poiblí, idir shibhialta agus mhíleata, amhail tógáil bóithre agus iarnróid, chomh maith le feabhsú uiscebhealaí. Chuir an Oifig cuid mhaith de na hoibreacha ar siúl le linn [[An Gorta Mór|an Ghorta Mhóir]], chun faoiseamh a chur ar fáil don chosmhuintir.
 
Ó shin i leith, is é an dualgas is mó atá ar an oifig ná chun aire a thabhairt agus athchóiriú agus cosaint a dhéanamh ar oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann agus ar shéadchomharthaí na hÉireann. Le linn na [[1960idí]], bhí an Oifig i mbun athchóiriú a dhéanamh ar [[Caisleán Chill Chainnigh|Chaisleán Chill Chainnigh]] agus forbairt Pháirc Náisiúnta [[Cill Airne|Chill Airne]]. Ó shin i leith, tá athchóiriú déanta aici ar leithéidí [[Caisleán Bhaile Átha Cliath|Chaisleán Bhaile Átha Cliath]] agus ar Thithe an Rialtais ag Sráid Mhuirfean.
 
==Tagairtí==
 
{{reflist}}
 
==Naisc Sheachtracha==
 
*[http://www.opw.ie/ Suíomh gréasáin na hOifige]
 
[[Catagóir:Údaráis Rialtais na hÉireann]]
 
[[en:Office of Public Works]]