An difríocht idir athruithe ar: "Cois Fharraige"

Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
 
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Tugtar '''Cois Fharraige''' ar an gcuid sin de chósta [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] siar as cathair na [[Gaillimh]]e go [[Casla]]. Cé gur minic [[Conamara]] á thabhairt inniu air, is siar aduaidh ó Chois Farraige atá Conamara i gceart. Imeasc na mbailte i gCois Fharraige tá [[Bearna]], [[na Forbacha]], [[an Spidéal]] agus [[Indreabhán]]. Is ceantar [[Gaeltacht|Gaeltachta]] go fóill Cois Fharraige, cé nach féidir a shéanadh go bhfuil trá mór tagtha ar an nGaeilge i gcodanna de, go háirithe i gcóngar na cathrach, mar a bhfuil go leor tógáil agus ceannach tí ag daoine ón taobh amuigh.
 
Cónaíonn formhór phobail Chois Fharraige laistigh de chiliméadar ó bhruach na mara, mar gur ann atá an bóthar, agus mar go rabhadar go mór ag brath ar an bhfarraige san am atá thart. Cé go raibh an ceantar bocht go maith go dtí na 1980í, tá i bhfad níos mó dul chun cinn déanta i gCois Fharraige ná i go leor den chuid eile d'iarthar an chontae.