An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"

m
no edit summary
m (robot Adding: id:Perang Tiongkok-Vietnam)
m
[[Cogadh]] idir [[Vítneam]] agus [[Daonphoblacht na Síne]] sa bhliain [[1979]] abba ea é '''Cogadh Vitneam agus na Síne''' (nó '''Triú Cogadh na hIndisíne'''). Tar éis ionradh gearr a dhéanamh ar thuaisceart Vítneam, tharraing na fórsaí Síneacha siar níos lú ná mí ina dhiaidh sin, agus mhaígh an dá thaobh gurbh iad féin a rug an bua.
 
Bhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na [[An tSeapáin|Seapáine]], na [[An Fhrainc|Fraince]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]], agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí [[an tAontas Sóivéadach]] ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir [[Iósaf Stailín]] bás a fháil tháinig naimhdeas idir [[an tSín]] agus na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadaigh]], ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach [[Nicíte Cruistsiof]]. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]].