An difríocht idir athruithe ar: "Alkmaar"

Content deleted Content added
Lizw (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: Ta clú agus cáil ar fud an domhain ar mhargadh cáise traidisiúnta Alkmaar. Ta an chathair féin suite i dtuaisceart na hÍsiltíre, nasctha le hAmsterdam trí mhórbhealach an A9...
(No difference)

Leagan ó 17:02, 8 Feabhra 2008

Ta clú agus cáil ar fud an domhain ar mhargadh cáise traidisiúnta Alkmaar. Ta an chathair féin suite i dtuaisceart na hÍsiltíre, nasctha le hAmsterdam trí mhórbhealach an A9.

TURASÓIREACHT Is díol spéise do thurasóirí é margadh cáise na cathrach, lonnaithe ag an Waagplein. Is éard ata sa Waagplein na cearnóg taobh amuigh den "Waag", nó an teach meáite, ait inar ndéanadh gach saghas ábhar (cáis ach go háirithe) a mheá. Go traidisiúnta, bíonn an margadh ar siúl ar an gcéad Aoine in Aibreán, agus bíonn margadh deireanach an tséasúir ann ar an gcéad Aoine de Mheán Fomhair. Ní fíormhargadh é, ach taispeántas a léiríonn sean-traidisiún na cáiseoireachta, mar a bhí fadó in Alkmaar. Deanann sé ceiliúradh ar cháis thraidisiunta an réigiúin. Ní féidir cáis a cheannach ag an margadh féin, ach bíonn seastáin go flúirseach ina thimpeall, áit ar féidir an uile ní a cheannach, idir cáis agus cuimhneacháin.

Tá oifig turasóireachta na cathrach lonnaithe sa Waag, chomh maith le hiarsmalann cáise. Ina theannta sin, tá dhá amharclanna, pictiúrlann mhór, agus iarsmalanna éagsúla eile sa chathair (iarsmalann bheorach agus ceann eile go hiomlán bunaithe ar an ngrúpa "The Beatles" ina measc). Ó thaobh siamsaíochta oíche de, ta an t-uafás tithe tabhairne lonnaithe mórthimpeall ar an Waag.