An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
m Síntí fada arna gcur isteach chun an catagóiriú aibítreach a cheartú
Líne 7:
Tachtadh Mícheál, athair Sheáin Uí Chathasaigh, nuair a bhí sé ag ithe éisc aimh, nó b'fhéidir gur bhásaigh sé tar éis tinnis. Ina dhiaidh sin, bhí ar a mhuirín dul ó áit go háit timpeall Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Maidir le Seán óg, bhí radharc a shúl go dona, rud a chuir isteach air ag tógáil léinn dó. D'éirigh sé as an scoil agus é ceithre bliana déag d'aois agus chuaigh sé timpeall ag jabaireacht oibre. Mar shampla, chaith sé naoi mbliana ar an mbóthar iarainn.
 
Ina mbuachaillí óga dóibh, chuireadh Seán agus a dheartháir mór, Archie, drámaí le [[Dion Boucicault]] agus le [[William Shakespeare]] i láthair sa bhaile. Rinne Seán páirt bheag in Amharclann na Meicneoirí, san áit a bhfuil [[Amharclann na Mainistreach]] inniu, ar an ''Shaughraun'' le Boucicault.
 
==Cúrsaí Polaitíochta==