An difríocht idir athruithe ar: "An Choptais"

Content deleted Content added
{{Bosca Sonraí}} +Íomhá
MacTire01 (plé | dréachtaí)
nasc
Líne 9:
|rialtóir=''Níl údarás teanga ann''
|iso1=-|iso2=cop|iso3=cop}}
Is í an '''Choptais''' an chéim dheireanach i bhforbairt stairiúil na h[[Éigiptis]]e. Go bunúsach, tháinig an Choptais ar an bhfód mar theanga nuair a thosaigh na [[An Éigipt|hÉigiptigh]] ag scríobh a dteanga dhúchais leis na litreacha Gréagacha. Ó nach raibh an [[aibítir Ghréagach]] oiriúnach don Éigiptis mar a bhí sí, cuireadh roinnt litreach as aibítir Dheamótach na hÉigiptise leis an gcóras Gréagach. Mar sin a cruthaíodh an [[aibítir Choptach]].
 
Mhair an Choptais á labhairt agus á scríobh ag [[Críostaíocht|Críostaithe]] na hÉigipte go dtí an [[17ú haois|seachtú haois déag]], nuair a chuaigh sí in éag mar theanga labhartha. Ón naoú haois déag, áfach, tá sí á saothrú mar theanga léannta ag na Coptaigh, go háirithe san Eaglais Choptach.