An difríocht idir athruithe ar: "Peig Sayers"

Content deleted Content added
m robot Adding: br:Peig Sayers
m Nasc
Líne 3:
Tháinig Peig Sayers ar an saol i n[[Dún Chaoin]], baile beag i g[[Contae Chiarraí]], [[Éire]]. Phós sí Pádraig Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis. Ní raibh léamh ná scríobh aici, ach seanchaí den scoth ab ea í. Ba dual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile. Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh ó Choimisiun Bealoideasa Eireann. Tá cáil uirthi de bharr a dírbheathaisnéise, ''[[Peig]]''. B'é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain [[1936]]. Tá an leabhar ar bharr a theanga ag gach duine a thóg scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta.
 
Bhí Peig Sayers ina conaí ar an oileán go dtí an bhliain [[1953]], nuair a tréigeadh [[na Blascaodaí]] ar fad. Bhog sí go dtí ospidéal [[An Daingean|an Daingin]]. Fuair sí bás ansin sa bhliain [[1958]], agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.
{{síol}}
[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|Sayers, Peig]]