An difríocht idir athruithe ar: "YYA"

Content deleted Content added
corrected interwikilink
Naisc is cat.
Líne 1:
Seasann na litreacha '''YYA''' do na focail [[Fionlainnis|Fhionlainnise]] ''ystävyys, yhteistyö, avunanto'', nó cairdiúlacht, comhoibriú agus cuidiú. Tagraíonn siad don '''Chonradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chuidiú''', a shínigh [[Vyacheslav Molotov]], aire gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Sóivéadach|Aontais Shóivéadaigh]], agus [[Mauno Pekkala]], [[Príomh-Aire na Fionlainne]], ar an [[6 Aibreán|séú lá de Mhí Aibreáin]] sa bhliain [[1948]].
 
Ar dtús, mhol an tAontas Sóivéadach don [[An Fhionlainn|Fhionlainn]] conradh um chomhoibriú míleata a shíniú, cosúil leis na conarthaí a bhí ag na Sóivéadaigh leis na [[Stát satailíteach|stáit shatailíteacha]] in Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an moladh seo, agus bhí eagla ar chuid mhór acu gurbh ionann a leithéid de chonradh a shíniú agus neamhspleáchas na tíre a thabhairt suas ar fad. Bhí na Sóivéadaigh sásta, áfach, dul i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh faoi ábhar an chonartha, agus sa deireadh thiar thall, bhí an conradh sách difriúil leis na conarthaí a bhí ag an Aontas Sóivéadach le tíortha Oirthear na hEorpa.
Líne 42:
Rinneadh an Conradh seo i Moscó ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain [[1948]]. Rinneadh dhá chóip de, ceann as Fionlainnis agus ceann as Rúisis, agus an tábhacht chéanna le gach ceann acu.
 
[[Catagóir:AnStair Fhionlainnna Fionlainne]]
 
[[en:Finno-Soviet Treaty of 1948]]