An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha"

no edit summary
Níor dhruid siad siar ón sceimhlitheoireacht ach oiread. Mharaigh sceimhlitheoirí Sóisialacha Réabhlóideacha a lán státseirbhíseach ard, agus, fiú, beirt Airí Gnóthaí Inmheánacha.
 
I ndiaidh [[Réabhlóid na Feabhra]] 1917, tháinig scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha. Thacaigh eite dheis an pháirtí leis an Rialtas Sealadach nua a ndeachaigh duine dá gcuid féin, [[Aleksandr KerenskiyKerensky]], i gceannas air. Thaobhaigh eite chlé an pháirtí leis na Boilséivigh. De réir a chéile, chuaigh cuid acu sna Boilséivigh, ach d'fhéach cuid eile le héirí amach nuair a chonaic siad go raibh na Boilséivigh ag cur ar bun deachtóireacht aon pháirtí sa tír. Ar an 30ú Lúnasa 1918, rinne Fanya Kaplan, Sóisialaí Réabhlóideach, iarracht [[Léinín]] a mharú, agus ghoin sí é go dona. Cuireadh Kaplan chun báis trí lá ina dhiaidh sin, agus rinneadh géarleanúint ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar fud na tíre.
 
Ghlac iarsmaí na Sóisialaithe Réabhlóideacha páirt i g[[Cogadh Cathartha na Rúise]] ag iarraidh cur in aghaidh na mBoilséiveach. Ina dhiaidh sin, fuair cuid acu - ar nós Aleksandr Kerenskiy - tearmann sna tíortha Iartharacha.