An difríocht idir athruithe ar: "The Star-Spangled Banner"

Content deleted Content added
No edit summary
Janik (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Is é '''The Star-Spangled Banner''' (Gaeilge: '''An Bhratach Ghealréaltach''') amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe. B'é an file amaitéarach Francis Scott Key a chum an téacs sa bhliain 1814. Dhá bhliain roimhe sin, bhí na Stáit Aontaithe agus Sasana ag cur cogaidh ar a chéile, agus le linn an chogaidh seo, chonaic Key an cath a cuireadh faoi Baltimore i Maryland le linn an chogaidh seo. Chuaigh na longa cogaidh Sasanacha i dtír i mBá Chesapeake, ach d'éirigh leis na saighdiúirí a bhí ar garastún i bhFort McHenry, dúnfort in aice le Baltimore, stop a chur le hionsaí na Sasanach. Ní raibh i gceist leis an amhrán ar dtús ach dán a chum Key leis an eachraeachtra seo a chur i míotar, agus is é an teideal a chuir sé air ná ''The Defense of Fort McHenry''.
 
Maidir leis an bhfonn, ní raibh ann ach amhrán ólacháin ó Shasana ar dtús, ''To Anacreon in Heaven'', agus b'é an ceolchumadóir Sasanach John Stafford Smith a chum é. Bhí na Meiriceánaigh an-doirte don fhonn, agus is iomaí cineál líricí a chuir siad leis.