An difríocht idir athruithe ar: "Joe Higgins"

Content deleted Content added
+cats / +iven
Oops - edit-conflict
Líne 1:
[[Image:Joehiggins.jpg|thumb|right|300px|Joe Higgins]]
Is polaiteoir [[Éire|Éireannach]] é Joe Higgins (rugadh é ar an 1ú [[Bealtaine]] [[1949]]). Ba é an t-aon Teachta Dála den [[Páirtí Sóisialach (Éire)|Pháirtí Sóisialach]] idir [[1997]] agus [[2007]]. Chaill sé a shuíochán san olltoghchán sa bhliain [[2007]]. Is ceannaire an Pháirtí Sóisialaigh é.
 
Rugadh é i [[Lios Póil]] i gContae [[Ciarraí]] sa bhliain 1949. Chuaigh sé go dtí Scoil na mBráithre Chríostaí sa Daingean. I ndiaidh sin, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina shagart. Cuireadh go dtí coláiste cléireach i [[Minnesota]] sna [[Stáit Aontaithe]] san [[1960í]] é mar chuid dá gcuid oiliúna. Bhí agóidí frith-Chogadh Vitneaim agus an feachasfeachtas Chearta Sibhialta ar siúl ag an am agus bhí tionchar acu siúd ar a dhearcadh polaitiúil.
 
D'fhill sé go hÉireann agus bhain sé céim amach sa [[Béarla|Bhéarla]] agus san [[Fraincís|Fhraincís]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Chaith sé tamall ag múineadh i scoileanna lárchathracha i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh sé isteach i b[[Páirtí an Lucht Oibre]] nuair a bhí sé mar mhac léinn agus bhí sé gníomhach sa Militant Tendency (''An Claonadh Míleatach''), grúpa den eite chlé sa pháirtí. Dibríodh Higgins agus daoine eile san Militant Tendency sa bhliain [[1989]]. Bhunaigh siad Militant Labour ach thosaigh an páirtí ag baint úsáid an t-ainm "An Páirtí Sóisialach" sa bhliain [[1996]].
 
Toghadh Higgins mar bhall de Chomhairle [[Contae Fhine Gall|Chontae Fhine Gall]] sa bhliain [[1991]] agus bhí sé ina bhall den Chomhairle go dtí 2004. Toghadh é mar Theachta Dála sa bhliain [[1997]] i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh arís é in Olltoghchán [[2002]]. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 2007.
 
Chaith sé mí i bpríosún sa bhliain [[2003]] mar gheall ar agóidí i gcoinne táillí ar bhailiúchán bruscar tí. Bhí sé gníomhach i gcónaí ar son chearta na n-inimirceach freisin.
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1949|Higgins]]