An difríocht idir athruithe ar: "Wells Fargo"

Content deleted Content added
Leathanach nua: ==Wells Fargo== Chuir an borradh mór a tháinig ar gheilleagar Chalifornia i ndiaidh gur thángthas ar ór ag Muileann Sutter i 1849 fás ar thionscal an iompair. Bhunaigh Henry We...
(No difference)

Leagan ó 13:03, 23 Márta 2008

Wells Fargo

Chuir an borradh mór a tháinig ar gheilleagar Chalifornia i ndiaidh gur thángthas ar ór ag Muileann Sutter i 1849 fás ar thionscal an iompair. Bhunaigh Henry Wells agus William Fargo, i bpáirt le hinfheisteoirí eile, sa bhliain 1852 an comhlacht Wells Fargo le freastal ar éileamh an iompair. D'iompar an comhlacht a chéad ualaí ó Chósta an Oirthir go dtí campaí mianadóireachta i gCailifornia. Chomh maith le cúrsaí iompair bhí an comhlacht ag saothrú seirbhís baincéireachta. D'ofráil Wells Fargo iasachtaí airgid dóibh siúd a bhí suim acu ór a cheannach agus a dhíol, rud a chuidigh go mór le fás gheilleagar Chalifornia. Cóiste scitheanna an modh iompair ba ghnách leo a úsáid leis an deannach óir agus cáipéisí tabhtacha gnó a iompar.