An difríocht idir athruithe ar: "Des Bishop"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
 
'''Dúshlán pearsanta'''
 
Chuir pobal na hÉireann aithne air den chéad uair sa bhliain 2000 nuair a bhí sé páirteach i sraith chláracha teilifíse ar RTÉ a bhí bunaithe ar théamaí tráthúla nuachta dar teideal ‘Don’t feed the Gondolas’. Bhí air éirí as an gclár ar chúinsí pearsanta. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh an ailse ag cur as dó ag an am. Níor lig sé dá chuid fadhbanna sláinte an ceann is fearr a fháil air, áfach, agus is amhlaidh a bhain sé miotal as an scéal chun aird a tharraingt ar an ngalar.
 
 
'''Dúshlán gairmiúil'''
 
Tá nós aige plé le daoine atá ar imeall na sochaí agus le topaicí achrannacha a sheachnaítear go minic. Ceistíonn sé os ard na claonta agus na tuairimí dochta atá sa tsochaí. Creideann sé gurb é an bealach is fearr le teacht ar thuiscint phearsanta ar chruacheisteanna an tsaoil ná é féin a lonnú i gceartlár na ndaoine a bhíonn faoi chaibidil aige.
Chuir lucht féachana aithne air de bharr na sraithe teilifíse ‘The Des Bishop Work Experience’ ar RTÉ. Bhain sé leas as genre theilifís na réaltachta chun solas a scalladh ar an mbealach a chaitear le fostaithe a bhíonn a iarraidh maireachtáil ar an íosphá in Éirinn. Lean na ceamaraí é agus é ag tóraíocht oibre in earnálacha na lónadóireachta agus na turasóireachta. Chaith sé tréimhsí ag obair in Abrakebabra i bPort Láirge, san Aquadome i dTrá Lí, in Superquinn i nDún Dealgan agus in Óstán an Central i mBaile Átha Cliath mar chuid den dúshlán sin.
Line 16 ⟶ 18:
 
'''Voyeur'''
 
Lean sé le sraith dhúshlánach eile a taispeánadh ar RTÉ dar teideal ‘Joy in the Hood’. Sa chás seo, chaith sé tréimhsí ag maireachtáil i gceantair bhochta a raibh droch-chlú orthu i gcathracha móra na hÉireann. Tharraing an tsraith conspóid mar gheall ar an bpictiúr réadach den chruatan a léiríodh ó thaobh fadhbanna sóisialta i mBaile Munna, Baile Átha Cliath; Cnoc an Aonaigh i gCorcaigh; An Cnoc Theas i Luimneach agus ceantair bhochta i mBéal Feirste.
Le linn dó a bheith i mBéal Feirste bhí sé de dhánacht ann a rá le Protastúnaigh go raibh siad níos cosúla lena gcomharsana Caitliceacha ná mar a shamhlaigh siad féin. Sa Chnoc Theas i Luimneach, áit a bhfaca sé neart cruatain, mhaígh sé go gcabhródh a chlár teilifíse le geilleagar an cheantair trí thurasóirí a mhealladh isteach a d’fhéadfaí a robáil. Tharraing na cláracha a rinneadh i gCnoc an Aonaigh, Corcaigh agus i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, achrann nuair a chuir polaiteoirí agus cinnirí pobail ina leith go ndeachaigh sé thar fóir le cúrsaí ainnise mar mhaithe leis an magadh.
Line 23 ⟶ 26:
 
'''An Ghaeilge'''
 
Is é an dúshlán is déanaí a tharraing sé chuige féin ná bliain a chaitheamh i nGaeltacht Chonamara ag foghlaim na teanga. Chuir sé roimhe dóthain líofachta a bhaint amach le go mbeadh ar a chumas seó i nGaeilge a chur i láthair agus a bheith ábalta “comhrá Gaeilge a dhéanamh leis an nGaeilgeoir is géarchúisí dá bhfuil ann”.
Deir sé go bhfáiltíonn sé roimh lucht éisteachta atá criticiúil. “Níl sé sách maith go gceapfadh daoine gur leor cúpla focal toisc gur Meiriceánach mé. Caithfidh mé tabhairt faoi i gceart”.