An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 26:
Ón lá sin ar aghaidh, ar a laghad, b'ar an sceanach ba mhó a d'aithneofaí lorg láimhe Murphy. Go gairid ina dhiaidh sin, maraíodh Tom Madden, fear oibre muilinn, ar an dóigh chéanna. Trí seachtaine roimh a bhás, fuadaíodh é agus tugadh greidimíní dó i gclub Protastúnach, ach scaoileadh saor leis sa deireadh. B'éigean dó tailte na bProtastúnach a thrasnú go tráthrialta leis an muileann a bhaint amach, agus b'é sin a chaill é. Cheap na Dílseoirí in athuair é, agus ghabh Lenny Murphy de scian mhór búistéireachta air, go dtí go raibh Madden ag guí go marófaí é - chuala bean sa chomharsanacht ag impí é istoíche. Níorbh í an sceanairt a mharaigh é, áfach, nó tachtadh é le sreang. Nuair a fuarthas a chorp, chuntais na péas 147 gcneá scine air.
 
===MisiúnMisean Murdair William Pavis agus Príosúnú Mhurphy===
 
Faoin am seo, rinneadh cupla dúnmharú eile sa cheantar a raibh an chuma chéanna orthu. Níor ciontaíodh aon duine sna coireanna seo riamh, ach tá sé dealraitheach go leor go raibh páirt ag Lenny Murphy sna dúnmharuithe seo. MisiúnMisean paraimíleatach a tharraing súil na bpéas air. Is é an duine a bhí le marú an iarracht sin ná William Pavis, Protastúnach a bhí sa phríosún toisc gur dhíol sé airm thine le sagart Caitliceach faoi choim. Seanchairde ab ea iad Pavis agus an sagart, agus iad ag dul ag sealgaireacht in éineacht. Cairdeas pearsanta a bhí ann a thosaigh roimh laethanta na dTrioblóidí. Is é an tuiscint a bhain na Dílseoirí as seo, áfach, gur díoltóir gunnaí a bhí i bPavis agus gnóthaí aige leis an [[IRA]]. Mar sin, chinn an tUVF ar é a mharú. I Mí Mheán Fómhair 1972, d'fhág sé Príosún Bhóthar Chroimghlinne ar a onóir, agus ar an lá deireanach sula bhfillfeadh sé go dtí an príosún, mharaigh Murphy agus Dílseoir eile, Mervyn Connor, é. Ní dhearnadh sceanairt de an iarracht seo: scaoil Murphy urchar sa chloigeann, agus as go brách leis agus lena chomhchoirpeoir.
 
Cupla mí ina dhiaidh sin, gabhadh Murphy agus Connor, agus rinneadh príosúnaigh díobh. D'aithin na húdaráis gurbh é Murphy an bithiúnach ba mhó acu, agus gurbh é leas an phobail ar fad é Murphy a choinneáil istigh. Thosaigh siad ag margáil le Connor, a bhí an-scanraithe ag Murphy, iompú ina fhinné stáit agus cruthú in aghaidh Mhurphy. Fuair Murphy amach faoi seo, áfach, agus d'imeaglaigh sé Connor chun an milleán a ghlacadh air féin. Ina dhiaidh sin, mharaigh sé Connor. Ní raibh na húdaráis ábalta Murphy a chiontú i ndúnmharú Pavis, agus mar sin, b'éigean scaoileadh saor leis sa deireadh. Coinníodh sa charcair ar feadh tamaill é, áfach, mar phionós as na hiarrachtaí a rinne sé éalú as an bpríosún nuair nach raibh an fiosrú críochnaithe go fóill.