An difríocht idir athruithe ar: "Des Bishop"

Content deleted Content added
Wikify. Sin alt iontach anois! (Could do with a cite or two however) An bhfuil fhois ag éinne cén aois atá aige?
{{Síol}} a bhaint amach. Tagairtí a chur isteach. (Tá roinnt fadhbanna le "NPOV", agus "uncited commentary" anseo fós. Ba chóir níos mó tagairtí a chur isteach).
Líne 1:
Fuirseoir [[SAM|Meiriceánach]] atá gníomhach in [[Éire|Éirinn]] é '''Des Bishop''' (''Deasún Mac an Easpaig'' as [[Gaeilge]]). Saolaíodh agus tógadh é i [[Nua Eabhrac]], ach bhog sé go [[Contae Loch Garman]] sa bhliain [[1990]].<ref name="galwayindep">[http://www.galwayindependent.com/profiles/profiles/des-bishop-%11-comedian/ GalwayIndependent.com - Próifíl]</ref> Tá a chuid fuirseoireachta bunaithe go mór ar na rudaí a thugann sé faoi deara mar núíosach sa tír seo.
 
Tá tallann ar leith aige chun aithris a dhéanamh ar dhaoine agus an t-ábhar a chloiseann sé a ionramháil go cliste ina chuid seónna ar bhealach atá greannmhar, neamhurchóideach.{{fíoras}}
 
Tá sé ag obair i réimse na siamsaíochta in Éirinn ó dheireadh na [[1990idí|nóchaidí]], tráth ar thosaigh sé ag láithriú seónna san ''[[International Comedy Cellar]]'' i [[Baile Átha Cliath|gcathair Bhaile Átha Cliath]]. Is é an t-aisteoir [[Ardal O'Hanlon]], mar aon le [[Kevin Kildea]] agus [[Barry Murphy]], a bhunaigh an t-ionad agus tá Deasún i mbun riaradh na háite anois in éineacht lena dheartháir [[Aidan Bishop|Aidan]]. Cuireann an club ardán ar fáil do dhaoine óga a bhfuil suim acu in ealaín an fhuirseora. Chuir an áis seo ar a chumas féin forbairt a dhéanamh ar a ghairm agus é ag seasamh os comhair lucht féachana. Tá clú idirnáisiúnta air ó bheith páirteach i bhféilte móra siamsaíochta in Aspen, i n[[Dún Éideann]], i [[Montréal]] agus i g[[Cill Chainnigh]].
 
==Dúshlán pearsanta==
Chuir pobal na hÉireann aithne air den chéad uair sa bhliain [[2000]] nuair a bhí sé páirteach i sraith chláracha [[teilifís]]e ar [[RTÉ]] a bhí bunaithe ar théamaí tráthúla nuachta dar teideal ''Don’t feed the Gondolas''.<ref name="galwayindep"/> Bhí air éirí as an gclár ar chúinsí pearsanta. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh an ailse ag cur as dó ag an am. Níor lig sé dá chuid fadhbanna sláinte an ceann is fearr a fháil air, áfach, agus is amhlaidh a bhain sé miotal as an scéal chun aird a tharraingt ar an ngalar.
 
==Dúshlán gairmiúil==
Tá nós aige plé le daoine atá ar imeall na sochaí agus le topaicí achrannacha a sheachnaítear go minic. Ceistíonn sé os ard na claonta agus na tuairimí dochta atá sa tsochaí. Creideann sé gurb é an bealach is fearr le teacht ar thuiscint phearsanta ar chruacheisteanna an tsaoil ná é féin a lonnú i gceartlár na ndaoine a bhíonn faoi chaibidil aige.
 
Chuir lucht féachana aithne air de bharr na sraithe teilifíse ''The Des Bishop Work Experience'' ar RTÉ. Bhain sé leas as genre theilifís na réaltachta chun solas a scalladh ar an mbealach a chaitear le fostaithe a bhíonn a iarraidh maireachtáil ar an íosphá in Éirinn. Lean na ceamaraí é agus é ag tóraíocht oibre in earnálacha na lónadóireachta agus na turasóireachta. Chaith sé tréimhsí ag obair in [[Abrakebabra]] i b[[Port Láirge]], san Aquadome i d[[Trá Lí]], in [[Superquinn]] i n[[Dún Dealgan]] agus in Óstán an Central i mBaile Átha Cliath mar chuid den dúshlán sin.<ref name="galwayindep"/>
 
==Voyeur==
Líne 25:
Deir sé go bhfáiltíonn sé roimh lucht éisteachta atá criticiúil. “Níl sé sách maith go gceapfadh daoine gur leor cúpla focal toisc gur Meiriceánach mé. Caithfidh mé tabhairt faoi i gceart”.{{fíoras}}
 
Agus é ag cloí leis an bprionsabal sin, tá sé tar éis bliain a chaitheamh ag maireachtáil i nGaeltacht Chonamara mar dhúshlán do shraith nua teilifíse atá le taispeáint ar RTÉ dar teideal ''[[In the Name of the Fada]]''.<ref>[http://www.rte.ie/about/pressreleases/2007/0808/autumnlaunch07.html RTE.ie - Preaseisiúint] {{en}}</ref> Déileálann an chéad eagrán sa tsraith le Deasún ag cur aithne ar dhaoine áitiúla, an timpeallacht thiar agus an áit a mbeidh sé ag cur faoi; clárú do ranganna Gaeilge agus na daoine a chabhróidh leis socrú isteach. Feictear é i mbun gníomhaíochtaí éagsúla le muintir na háite a chabhróidh lena stór focal a leathnú le linn babhtaí dornálaíochta, ceardlanna drámaíochta agus cluichí peile.
 
Tá Deasún Mac an Easpaig ina chónaí in Éirinn ó bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Is cosúil go bhfuair sé bata agus bóthar ó scoil i Flushing, [[Queens]], a raibh sé ag freastal uirthi agus é ina dhéagóir. Bheartaigh a athair, a raibh gaolta in Éirinn aige, é a chur go scoil chónaithe i [[Loch Garman]]. D’fhreastail sé ar an ollscoil i gCorcaigh ina dhiaidh sin, áit ar thug sé faoin stáitse den chéad uair.
Líne 31:
In agallamh a rinne Deasún leis an ''[[New York Times]]'' thug sé le fios go raibh tionchar an-mhór ag a mháthair ar na téamaí a bhíonn faoi chaibidil aige ina shaol gairmiúil. Tá sé ráite aige chomh maith to bhfuil sé thar a bheith mórtasach as an obair a rinne sí le daoine gan dídean i [[Nua-Eabhrac (cathair)|gcathair Nua-Eabhrac]].
 
Cuimhneoidh lucht féachana pictiúrlainne le cion ar Dheasún i bpáirt bheag caimeo a bhí aige ag rapáil i gcúl tacsaí i Nua-Eabhrac sa scannán ''[[In America]]'' (2003) a rinne [[Jim Sheridan]].<ref>{{Imdb ainm|1484711}}</ref>
 
==Saothar==
Líne 43:
* ‘Xit Files’ (scríbhneoir scripte in éineacht le Colin Murphy)
* ‘In America’ (2003, scannán a stiúir Jim Sheridan)
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
Line 48 ⟶ 51:
* [http://www.beo.ie/?page=agallamh_beo&content_id=569 Agallamh le Beo.ie]
* [http://www.rte.ie/tv/inthenameofthefada/watchtheshow.html Cartlann idirlín an chláir ''In the Name of the Fada'']
* [http://www.irishnews.com/anteolas.asp?catid=5794&subcatid=5795&sid=582362 Foinse - 11/03/08 - "Fáilte roimh Dheasún Mhac an Easbaig go clann na Gaeilge"] {{ga}}
{{síol}}
[[Catagóir:Fuirseoirí Éireannacha|Bishop, Des]]
 
 
[[Catagóir:Fuirseoirí Éireannacha|Bishop, Des]]
 
[[en:Des Bishop]]