An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
téarmaíocht
No edit summary
Líne 3:
B'é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. B'é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag [[Tuaisceart Éireann]], nó an sé chontae seo.
 
Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionaid an Rí - nó an tArd-Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmitheach dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh an Tiarna tArd-Leifteanant ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordú.
 
Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.