An difríocht idir athruithe ar: "Blag"

Content deleted Content added
Rang +IV +Naisc
mNo edit summary
Líne 1:
Is éard is '''blag''' ann ná [[dialann]] [[idirlín]], nó [[leathanach gréasáin]] a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas. Tá an focal féin, ''blog'' as [[Béarla]], bunaithe ar an téarma ''weblog'' nó ''web logbook'', is é sin, logleabhar [[Gréasán Domhanda|gréasáin]].
 
Is féidir a rá gurbh é an [[nuachtghrúpa]] (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd [[Usenet]]) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. B'é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim diospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.