An difríocht idir athruithe ar: "Proinsias Mac an Bheatha"
scríbhneoir Éireannach
Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir Gaeilge ab ea '''Proinsias Mac an Bheatha'''. Bhí lámh aige i mbunú an nuachtáin Ghaeilge ''Inniu'', agus é ina dhuine de bhunaitheoirí [[Glúin na Buaidhe|Ghl... |
(No difference)
|
Leagan ó 22:58, 14 Aibreán 2008
Scríbhneoir Gaeilge ab ea Proinsias Mac an Bheatha. Bhí lámh aige i mbunú an nuachtáin Ghaeilge Inniu, agus é ina dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe freisin. Is é an t-úrscéal stairiúil Cnoc na hUamha an saothar is tábhachtaí a tháinig óna pheann. Scríobh sé leabhrán beag dírbheathaisnéise freisin, I dTreo na Gréine, chomh maith le leabhar staire faoi bhunú na nÉireannach Aontaithe, Dóchas Aduaidh. Bhí sé mór le Séamus Ó Grianna agus le Seosamh Mac Grianna, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar stíl scríbhneoireachta na beirte sin ina chuid saothar féin. Ní raibh an Ghaeilge ó dhúchas aige féin.
Saothar
- Dóchas Aduaidh. Bunú na nÉireannach Aontaithe 1791. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991.
- Henry Joy agus Véarsaí Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992
- I dTreo na Gréine. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Cathair na Mart, gan dáta
- Cnoc na hUamha. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1978
- Irish for the People
- Tart na Córa
- Téid Focal le Gaoth
- Seosamh Mac Grianna agus Aistí Eile
- An Faoileán Bán
- James Connolly and the Workers' Republic
- Roth an Mhuilinn
- Téann Buille le Cnámh
- An Earnáil agus an Ghaeilge
- Mé Féin agus an Gairdín
- Jemmy Hope