An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharú"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é is '''dúnmharú''' nó '''murdar''' ann ná marú duine le mailís réamhcheaptha. An duine a mharóidh duine eile agus fearg air, is dócha nach mbeidh dúnmharú déanta aige ach [[dúnorgain]]. Má bhí rún nó plean ag an marfóir roimh ré an duine áirithe sin a mharú, nó má rinneadh an marú ar dhóigh chruálach - agus an marfóir, abair, ag céasadh an íobartaigh agus ag baint suilt as - is é an dúnmharú a rinne sé. I dtíortha an Dlí Choitinn, áfach, glacfar leis an dúnbhású tionóisceach mar dhúnmharú, mas féidir a rá go ndearna an ciontóir neamhshuim ghlan den dainséar a tharraing sé ar na daoine eile. Mar shampla, má bhíonn tú ag láimhseáil tréanphléascáin gan aird ar bith a thabhairt ar na rialúcháin sábháilteachtaslándála, is dócha go gcúiseofar i ndúnmharú thú má mharaíonn do chuid pléascán duine éigin.
 
I ndlínsí an Dlí Choitinn, is iad comharthaí sóirt an dúnmharaithe ná:
 
* marú an duine, is é sin, an gníomh féin (''actus reus'', mar a deir an Laidin), agus
 
* toil an mharfóra (''mens rea''), an mhailís réamhcheaptha - is é sin, bhí an ciontóir meáite dírithe ar an duine áirithe seo a mharú d'aon ogham, nó - i sampla na dtréanphléascán - ní raibh an ciontóir ag iarraidh an duine áirithe seo a mharú, ach bhí sé chomh siléigeach i leith na slándála is gur mailís réamhcheaptha de chineál eile a bhí ann.