An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharú"

Content deleted Content added
No edit summary
Wikify
Líne 1:
Is é is '''dúnmharú''' nó '''murdar''' ann ná marú duine le mailís réamhcheaptha. An duine a mharóidh duine eile agus fearg air, is dócha nach mbeidh dúnmharú déanta aige ach [[dúnorgain]]. Má bhí rún nó plean ag an marfóir roimh ré an duine áirithe sin a mharú, nó má rinneadh an marú ar dhóigh chruálach - agus an marfóir, abair, ag céasadh an íobartaigh agus ag baint suilt as - is é an dúnmharú a rinne sé. I dtíortha [[Dlí Coiteann|an Dlí Choitinn]], áfach, glacfar leis an dúnbhású tionóisceach mar dhúnmharú, mas féidir a rá go ndearna an ciontóir neamhshuim ghlan den dainséar a tharraing sé ar na daoine eile. Mar shampla, má bhíonn tú ag láimhseáil tréanphléascáin gan aird ar bith a thabhairt ar na rialúcháin slándála, is dócha go gcúiseofar i ndúnmharú thú má mharaíonn do chuid pléascán duine éigin.
 
I ndlínsí an Dlí Choitinn, is iad comharthaí sóirt an dúnmharaithe ná:
 
* marú an duine, is é sin, an gníomh féin (''actus reus'', mar a deir an [[Laidin]]), agus
 
* toil an mharfóra (''mens rea''), an mhailís réamhcheaptha - is é sin, bhí an ciontóir meáite dírithe ar an duine áirithe seo a mharú d'aon ogham, nó - i sampla na dtréanphléascán - ní raibh an ciontóir ag iarraidh an duine áirithe seo a mharú, ach bhí sé chomh siléigeach i leith na slándála is gur mailís réamhcheaptha de chineál eile a bhí ann.
 
[[Íomhá:Map-world-murder-rate.svg|thumb|360px|Dúnmharuithe le haghaidh gach 100,000 áitritheoirí na dtíortha]]
Is iad na fir a dhéanann an chuid is mó (nócha faoin gcéad) de na dúnmharuithe ar fud an domhain, go háirithe na fir óga (17-30 bliain d'aois). Tá [[Poblacht na hÉireann|Éire]], [[an Íoslainn]] agus [[an tSeapáin]] ar na tíortha is lú dúnmharuithe. Cé gur gnách leis na meáin chumarsáide an-challán a tharraingt faoi gach dúnmharú, is iad na tíortha forbartha an chuid is sábháilte ar domhan ó thaobh na ndúnmharuithe de. Tá [[an Bhrasaíl]] (agus [[Meiriceá Theas]] go ginearálta), [[an Rúis]] agus an [[Afraic Theas]] ar na tíortha is mó dúnmharuithe amuigh.
 
==Féach freisin==
* [[Sraithmharfóir]]
 
[[Catagóir:Dúnmharú| ]]
[[Catagóir:Téarmaí dlí]]
[[Catagóir:Bás]]
 
[[ca:Assassinat]]
[[cs:Vražda]]
[[da:Drab]]
[[de:Mord]]
[[en:Murder]]
[[es:Asesinato]]
[[eo:Murdo]]
[[fa:آدم‌کشی]]
[[fr:Assassinat]]
[[ko:살인]]
[[id:Pembunuhan]]
[[it:Omicidio]]
[[he:רצח]]
[[lt:Nužudymas]]
[[nl:Moord]]
[[ja:殺人]]
[[no:Mord]]
[[oc:Assassinat]]
[[pl:Zabójstwo]]
[[pt:Homicídio]]
[[ru:Убийство]]
[[scn:Omicidiu]]
[[simple:Murder]]
[[sh:Ubistvo]]
[[fi:Murha]]
[[sv:Mord]]
[[th:การฆ่าคน]]
[[tr:Cinayet]]
[[zh:謀殺]]