An difríocht idir athruithe ar: "Béal Feirste"

3,695 bytes added ,  12 bliain ó shin
no edit summary
m (robot Adding: gl:Belfast)
 
Ins an bhliain 1997, chaill na hAontachtóirí a lámh in uachtar ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an chéad uair riamh. B'é [[Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann|Páirtí na Comhghuaillíochta]] a chuaigh mar mheá eadar na Náisiúntóirí agus na hAontachtóirí. Cha dtearn na toghcháin chomhairle ins an bhliain 2001 agus 2005 ach an suíomh seo a dhaingniú in athuair. Ón am sin i leith, bhí beirt Ard-Mhéaraí Caitliceacha i mBéal Feirste, duine acu ón SDLP agus an duine eile ó Shinn Féin.
 
==Iompar==
 
Tá Béal Feirste suite i ngleann mór cóngarach do [[Muie Éireann|Mhuir Éireann]]. Fásadh an tionscadal sa chathair le cuidiú shuíomh [[Loch Lao]] ar chósta oirthear [[Ulaidh|Uladh]]. Fiú sa lá atá inniu ann, tagann cuid mhór allmhairí [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]] isteach tríd na duganna atá loinnithe ar bhéal [[An Lagáin]]. Bhí seanmhuintir na Feirste in ann taisteal go dtí [[An Bhreatainn Mhór]] fá chionn lá taistil go héasca.
 
Tá seirbhísí mhaith traen sa cheantar fosta, ag nascadh na príomhchathrach le [[Doire]], [[Carraig Fhearghuis]], [[An tIúr|Iúr Cinn Trá]] (agus ó shin ag trasnú na teorainne go [[Baile Átha Cliath]] sa [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]]) agus [[Beannchar]]. Péitear líne úr fá thalamh i dtólan idir Tuaisceart Éireann agus [[Albain]] le fada, ach chan fhuil spéis don tionscadal léirithe go ginearálta i measc na bpoiliteoirí.
 
Tá dhá aerfort suite cóngarach don chathair; is iad [[Aerfort George Best Chathair Bhéal Feirste]] (in oirthear na cathrach) agus [[Aerfort Idirnáisúnta Bhéal Feirste]] atá mar phríomhaerfort Thuaisceart Éireann (suite idir [[Croimghlinn]] agus baile [[Aontroim|Aontroma]] i ndeisceart [[Contae Aontroma|Chontae Aontroma]]. Téann busanna ar bhun rialta síos go hAerfort Bhaile Cliath, ag imeacht ó lár na cathrach.
 
Is ar na bóithre a bhíonn an brú is mó ó thaobh chúrsaí iompair de, go háirid ar maidin agus um tráthnóna i rith na seachtaine. Níl Béal Feirste cosúil leis an chuid is mó de chathracha móra [[An Eoraip|Eorpacha]] sa dóigh is nach bhfuil cuarbhóthar ar ard-chaighdeán ann. Tá saghas seachbhóthar ann, an [[A55 Tuaisceart Éireann|A55]], ach amháin ar chaighdeán íseal, go háirithe dtuaisceart agus in iarthar na cathrach, áit a leann sé seanbhóithre a bhí ann cheanna féin. Ina áit sin, leanann na piomhbhealaigh uilig chuig lár an bhaile, rud a chuireann strus ar an infastructúr. Cuireadh tús leis na mótarbhealaigh sna 1960aidí. Cuireadh deireadh leo i 1972, nuair a ghlac Rialtas [[Westminster]] seilbh ar chúrsaí iompair sa réigiún. I dtosach bhí sé ar intinn ag Rialtas [[Stormont]] thart fá 10 gcúrsa a fheabhsú thart fá'n chathair. Char éirigh leo ach 3 chinn a chur i gcríoch.
 
Imíonn an [[M2 Tuaisceart Éireann|M2]] agus an [[M3 Tuaisceart Éireann|M3]] ó Shráid Eabhraic, comh maith le [[Nasc an Iarthair (Béal Feirste|Nasc an Iarthair]]. Tá an ceangal áirithe seo ar cheann de na háiteanna is measa dá bhfuil in Éirinn ann fá choinne tráchta ar maidin. Cluintear gach maidin áfach ar an raidió faoi easpa iompair ó threo Bheannchair (ag [[Cnoc na gCóiníní]] mar shampla), ar an [[Bóthar Ormeau|Bhóthar Ormeau íoctarach]] (ón deisceart agus ó [[Dún Pádraig|Dún Pádraig]], [[Bóthar Aontroma]] (ón tuaisceart) agus [[Bóthar Bhaile Nua na hArda]] (ón oirthear). Bíonn brú ar an [[M1 Tuaisceart Éireann|M1]] i dtolamh, fiú ag an deireadh seachtaine. I láthair na huair táthar ag tógáil carrbhealach dúbailte (an [[A1 Tuaisceart Éireann|A1]]) idir Béal Feirste agus Iúr Cinn Trá i dtreo Bhaile Átha Cliath.
 
Oscaíodh an chéad chuid den fhorbairt úrnua atá ag dhul ar aghaidh idir Sráid Eabhraic agus [[Lios na gCearbhach]] go luath i 2008, agus táthar ag súil go bhfeicfimid laghdú ar fhabhanna tráchta ansin fá chionn tamaill bhig. Táthar ag plé Staidiam Náisiúnta Thuaisceart Éireann a thógáil le roinnt blianta anuas. Tá muintir dheisceart na cathrach ag tabhairt amach le fada fá dtaobh de na fabhanna a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas i b[[Páirc Ormeau]] áfach - i gceantar atá faoi bhrú go fóill.
 
==Polaitíocht Áitiúil==