An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó hEithir"

Content deleted Content added
Íomhá arna cur leis an alt
No edit summary
Líne 2:
 
Rugadh '''Breandán Ó hEithir''' sa bhliain [[1930]] i [[Gaillimh|gcathair na nGaillimhe]], ach tógadh é i gCill Rónáin, [[Inis Mór]], ceantar [[Gaeltacht|Gaeltachta]]. Uncail dó ba ea [[Liam Ó Flaithbheartaigh|Liam Ó Flaithearta]], an scríbhneoir Béarla cáiliúil. D'fhreastail sé ar [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh|Choláiste na hOllscoile, Gaillimh]], ach thóg sé post mar thimire leabhair le [[Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge]] gan a chéim bainte amach aige. Ina dhiaidh sin, d'obair sé mar eagarthóir leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Sáirséal agus Dill, agus mar thráchtaire spóirt le [[RTÉ]]. Scríobh sé roinnt leabhar, ''Lig Sinn i gCathú'' ina measc. Ba scéal faoi shaol na mic léinn é ''Lig Sinn i gCathú'', suite sa bhaile bréagach Baile an Chaisil. Tá sé bunaithe ar thaithí Uí Eithir féin agus é ag freastal ar [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh|Choláiste na hOllscoil Gaillimh]]. D'obair sé mar cholúnaí le roinnt nuachtán i rith a shaoil, mar thráchtaire cúrsaí reatha ar an gclár nuachta 'Féach' ar Theilifís Éireann, agus mar eagarthóir. Bhí clú mór air mar shaineolaí ar na cluichí náisiúnta agus d'fhoilsigh sé ''Over The Bar: A Personal Relationship with the GAA''. Cailleadh é i [[1990]].
 
'''Litríocht'''
*Lig Sinn i gCathú
*Over the Bar
*Sionnach ar mo Dhuán
* The Begrudger's Guide to Irish Politics
* This is Ireland
* Willie the Plain Pint agus An Papa.
 
 
==Naisc==