An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 70:
==Spórt==
 
Tá tábhacht mór ag spórt i saol an pharóiste, mar shampla [[peil GaelachGhaelach]], [[sacar]], [[gailfgalf]] agus na leithéidí. Tá [[CLG]] Ghaoth Dobhair ann a thabharfann áiseanna pheil Gaelach ar fáil do dhaoine sa cheantar, agus tá na clubanna sacair Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche. Tá neart [[peileadóir]]í iomráiteacha sa cheantar ar nós Pat Crerand, Hugh Rua Gallagher, Niall Ó Gallchóir, Jack Phaddy Óig, Jim Mc Fadden, Kevin Cassidy, Antoin Carroll, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir and Hughie Tim Boyle.
 
==Ceol==
 
Tá aird [[an domhain]] tarraingte ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliúin ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomh-amhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a h-óige agus anois tá níos mó ná 75 milliúin ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáill ar cheoltóirí eile on pharóiste, b'iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mhór idir Gaoth Dobhair leis an grúpa Skara Brae fosta. Tá dhá chór gníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (a stiúrú ag Máire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (a stiúrú ag Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.
 
Bíonn ''Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le h[[ailse]] in [[1994]].
 
Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "''Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair''", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin.
 
==Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair==