An difríocht idir athruithe ar: "Bóithre agus mótarbhealaí in Éirinn"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{glanadh}}
Dúradh go raibh na bóithre sa [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]] níos measa ná na cinn sa [[Tuaisceart Éireann|Tuaisceart]], ach sna laethanta seo, níl an difríocht chomh follasach is mar a bhí. Thóg údaráis an Tuaiscirt a gcuid mhótarbhealach don chuid is mó roimh [[1972]], ach thoisigh údaráis na Poblachta á dtógáil ó na lár-80aidí ar aghaidh. Tá pleananna náisiúnta (amharc ar [[Plean Forbartha Náisiúnta|Phlean Forbartha Náisiúnta]] nó an ''PFN'') faoi lán sheol anois chun caighdeán an ghnáth-bhóithre a fheabhsú mar aon le tíortha eile ar fud na h[[An Eoraip|Eopra]] agus ag go háirithe ar na príomhbhealaigh móra ag teacht amach ó Bhaile Átha Cliath.
 
Sa Phoblacht, bíonn comharthaí scríofa i n[[Gaeilge]] agus i m[[Béarla]] le chéile, ach amháin sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]], ina scríobhtar logainmneacha i n[[Gaeilge]] amháin. Sa Tuaisceart, bíonn comharthaí ar fháil i m[[Béarla]] gan [[Gaeilge]] ar bith. Ó am go chéile ámh is féidir comharthaí dátheangacha a fheiceáil agus tú ar tí teacht isteach chuig baile mór, go háirid in iarthar agus i ndeisceart an chúige.
Líne 6:
[[Íomhá:IMG 3251w.JPG|thumb|300px|Fógra ar an [[M4 (Éire)|M4]] in aice le [[Cionn Átha Gad]].]]
==Mótarbhealaí==
Tagann mótarbhealaigh an deiscirt amach ó Bhaile Átha Cliath. Cuireadh deireadh elsi an tionscamh fadtéarmach an [[M50 (Poblacht na hÉireann)|M50]] i 2006. I gcomparáid le cuarbhóithre Eorpacha eile, níl an caighdeán sách-ard. Táthar ag tógáil ceangal úra ar an chúrsa leis, sa dóigh is nach mbeidh ar thiománaithe ar bith stopadh ag timpeallachtaí. Cé go bhfuil cúpla carrbhealaigh dúbailte thart faoi na príomh-chathaireacha eile, níl ann ach mótarbhealach amháin déanta go dtí seo - is é sin an [[M8 (Poblacht na hÉireann)|M8]] i g[[Contae Chorcaí]].
Tá lár gréasán na Poblachta suite i m[[Baile Átha Cliath]], mar chuid den [[Plean Forbartha Náisiúnta|Phlean Forbartha Náisiúnta]] (PFN). Cé go bhfuil cúpla carrbhealach dúbailte thart faoi na príomh-chathaireacha eile, níl mótarbhealaí ar bith go foill.
 
*[[M1 (Éire)|M1]], [[M3 (Éire)|M3]], [[M4 (Éire)|M4]], [[M7 (Éire)|M7]], [[M8 (Poblacht na hÉireann)|M8]], [[M9 (ÉirePoblacht na hÉireann)|M9]]
*[[M11 (ÉirePoblacht na hÉireann)|M11]]
*[[M32 (ÉirePoblacht na hÉireann)|M32]]
*[[M50 (ÉirePoblacht na hÉireann)|M50]]
 
Níl an struchtúr céanna ag gréasán an oir-thuaiscirt, cosúil leis an struchtúr atá ag an bPoblacht. Den chuid is mó, tá dhá phríomh-mhótarbhealach, le cúpla mótarbhealach íseal eile ag teacht uathu.