An difríocht idir athruithe ar: "Siar ón Bhanna"

no edit summary
 
Is téarma coitianta é '''Siar ón Bhanna''' ([[Béarla]]: ''West of the Bann'') a chuireann síos ar réigiún iarthar [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]], ar an taobh siar den [[Abhainn na Banna|Bhanna]] (abhainn a ritheann tríd an chúige aneas ó thuaidh). Is téarma é atá in úsáid ag lucht polaitíochta an Tuaiscirt chun tagairt a dhéanamh do áiteanna ina bhfuil formhór an phobail ina g[[Caitliceachas|Caitlicigh]] nó ina [[Náisiúnachas Éireannach|náisiúnaigh]].
 
Go stairiúil is í an chuid soir ón abhainn é an talamh talmhaíochta is fearr in [[Ulaidh]] (agus is dócha in [[Éire|Éirinn]]), agus is ansin a chónaíonn an chuid is mó de dhaoine [[Protastúnachas|Phrotastúnacha]] agus [[Aontachtas ÉireannachAontachtóirí|aontachtóirí]] sa tír go dtí an lá atá inniu ann.
 
Deir polaiteoirí náisiúnacha i dtólamh gur é an réigiún seo, atá ''siar ón Bhanna'', an leath is boichte de Thuaisceart Éireann, mar gheall ar easpa infheistíochta le fada. Ní mar oirthear an chúige atá sé - áit a bhfuil naisc iontacha gasta aige leis [[An Bhreatain Mhór]]. Ní hé amháin go mbíonn m.sh. [[Doire|Cathair Dhoire]] scoite amach ón chuid eile den [[Ríocht Aontaithe]], ach go bhfuil sé sroichte ón chuid eile d'Éirinn (Contae [[Dhún na nGall]] go fiú) ó thaobh an gheilleagair de.