An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
m robot Adding: pt:Unionismo (Irlanda)
m Nasc
Líne 17:
==An Creideamh==
 
Inniu, is é an meas a bhíonn ag na daoine ar an Aontachtóireacht gur leis na Protastúnaigh is mó a bhaineann sí, agus an Náisiúnachas ag dul leis an gCaitliceachas. Níl an scéal chomh simplí sin, áfach. Bhí ceannairí Protastúnacha ag na Náisiúnaithe Éireannacha go háirithe sa naoú haois déag, cosúil le [[Henry Grattan]], [[Theobald Wolfe Tone]] agus [[Charles Stewart Parnell]]. Cé gurbh iomaí Caitliceach a chaith vóta ar son na nAontachtóirí sna toghcháin, b'iad na Protastúnaigh a bhí i gceannas ar na páirtithe polaitiúla Aontachtaíocha. Mar sin, thosaigh na Náisiúnaithe ag milleánú na nAontachtóirí faoi sheicteachas, go háirithe sna blianta 1921-1972, nuair a bhí na hAontachtóirí áitiúla ag stiúradh Thuaisceart Éireann - thar an tréimhse seo ar fad, ní raibh ach aon Chaitliceach amháin ina Aire Rialtais sa Tuaisceart. D'fhruiligh an Príomh-Aire [[Brian Faulkner]], polaiteoir de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh, an Caitliceach áirithe seo - an Dochtúir G. B. News - d'aonturas le feabhas a chur ar an gcaidreamh trasphobail. An caibinéad a raibh an Dochtúir News ina bhall de, b'é an rialtas deireanach é sular chuir Londain féinrialtas an Tuaiscirt ar fionraí. Is é an tátal a bhain [[David Trimble]], ceannaire na nAontachtóirí Ultacha, as an scéal gur "fuar an fháilte a fuair na Caitlicigh rompu i dteach an Tuaiscirt" (''a cold house for Catholics''), nuair a bhí sé tar éis duais síochána Nobel a ghnóthú as ucht na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tsíocháin a chur ar bun.
 
==Aontachtóirí nó Dílseoirí?==