An difríocht idir athruithe ar: "Heydar Aliyev"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Polaiteoir Asarbaiseánach a bhí in '''Heydər Əlirza oğlu Əliyev''' (10 Bealtaine 1923-12 Nollaig 2003). Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar imeachtaí a shaoil, ach dealr...
 
No edit summary
Líne 4:
 
Sa bhliain 1969, cheap Leonid Brezhnev é ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí Cumannach san Asarbaiseáin, ó bhí sé de chlú air go raibh sé ar dóigh ag cur troda ar an mbreabaireacht is ar an gcaimiléireacht. B'éigean dó féin, áfach, go leor caimiléireachta a dhéanamh le gnaoi Brezhnev a tharraingt air féin. Nuair a tháinig Mikhail Gorbachev i mbun na gcúrsaí san Aontas Sóivéadach, thug sé bata is bóthar d'Əliyev mar bhreabaire is mar chaimiléir.
 
D'fhan Əliyev i Moscó go dtí an bhliain 1990, nuair a d'fhill sé ar Naxçıvan. Ansin dó, chuir sé é féin chun tosaigh mar náisiúnaí measartha, agus de réir a chéile, shealbhaigh sé an chumhacht sa chúige, beag beann ar [[Ayaz Mütəllibov]] a bhí ina Uachtarán ar an Asarbaiseáin san am. San am seo, bhí an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ag cur chun géaradais, agus i mBealtaine 1992, b'éigean do Mütəllibov éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag [[Əbülfəz Elçibəy]] a bhí i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil an fhreasúra, Fronta Pobail na hAsarbaiseáine.
 
Ní raibh an tUachtarán nua ábalta Naxçıvan a athshealbhú ó Əliyev. Sa deireadh thiar, i Meitheamh 1993, d'éirigh na fórsaí armtha amach in aghaidh Elçibəy, agus b'éigean dósan an Uachtaránacht a fhágáil ag Əliyev.
 
{{síol}}