An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Afra-Áiseacha"

Content deleted Content added
Líne 28:
 
==Comh-shaintréithre na dTeangacha Afráiseacha==
 
* Ordú na bhfocal. Creidtear gurb é an t-ordú a bhí sa Phróta-Sheimitis - is é sin, sa teanga hipitéiseach as ar eascair na teangacha comhaimseartha sa ghrúpa seo - ná VSO, is é sin, briathar - ainmní - cuspóir, díreach cosúil leis an nGaeilge. Sin é an t-ordú atá san Araibis Chlasaiceach agus in Eabhrais an Bhíobla. Inniu, áfach, tháinig athrú ar an scéal ina lán teangacha. Faoi thionchar na dteangacha Eorpacha, is iomaí canúint Araibise a ghlac leis an ordú SVO (ainmní - briathar - cuspóir). Ón taobh eile de, is é an t-ordú is fearr leis na teangacha Aetópacha, cosúil leis an Amairis, ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar), agus is é tionchar na dteangacha Cúisíteacha sa timpeallacht is cúis leis an athrú seo, dar leis na saineolaithe.
 
* Na tuisil: sa Phróta-Sheimitis, bhí trí thuiseal ag na hainmfhocail, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach agus an tuiseal ginideach. Scéal eile é, áfach, go bhfuil na tuisil seo imithe as na teangacha comhaimseartha, ar nós na gcanúintí Araibise, cé go raibh siad le fáil san Araibis Chlasaiceach.
 
* Uimhir na n-ainmfhocal: uimhir uatha, uimhir dhéach agus uimhir iolra.
 
* Is í an ghné - an chríochnaitheacht agus an neamhchríochnaitheacht - an catagóir is tábhachtaí in infhilleadh na mbriathar, seachas an aimsir.
 
* Tá córas moirfeolaíoch na dteangacha bunaithe ar thamhain thríchonsanacha.