An difríocht idir athruithe ar: "Zombaí"

Content deleted Content added
Íomhá agus idirvicí
No edit summary
Líne 4:
 
Bíonn na zombaithe an-choitianta i [[Scannán uafáis|scannáin uafáis]] ár linne. B'é [[George A. Romero]] a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán ''[[Night of the Living Dead]]'' ón mbliain 1968. B'é Romero a chruthaigh steiréitíopa an zombaí mar is minicí a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis orainn é sa lá atá inniu ann. Is é an phríomhdhifríocht idir zombaithe an bhéaloidis Chairibigh agus zombaithe an phopchultúir ná nach mbíonn zombaithe na scannán uafáis faoi smacht aon mháistir: ní bhíonn siad ach ag dul timpeall ina n-amadáin gan chiall, agus aon duine a chasfar orthu, ionsóidh siad é, ionas go dtolgfaidh sé féin galar na "zombaíochta" uathu. Is minic freisin a bhíonn zombaithe na scannán ag baint bhaill an choirp de na daoine beo le páirteanna nua a chur in áit na feola atá ag meath de chnámharlach an zombaí. Sa scannán ''Return of the Living Dead'' le John A. Russo, bhí na zombaithe an-chosúil le daoine beo, nó bhí toil agus tuiscint dá gcuid féin acu, ach san am céanna, theastaigh uathu go géar inchinn na ndaoine beo a ithe, le maolú leis an bpian a bhí orthu féin.
 
Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd ''Cell'' le [[Stephen King]]. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin ''Invasion of the Body Snatchers'' ón mbliain 1956. Sa scannán seo, b'iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.
 
Níltear cinnte, cárb as ar tháinig an focal sin ''zombaí''. Is féidir gurb é ''jumbie'' is bun leis, focal gnáthchainte sna hIndiacha Thiar a chiallaíonn "[[taibhse]]". Focal spéisiúil eile é ''nzambi'', focal as an teanga Kikongo. Is é is ciall leis ná "spiorad an duine mhairbh". Cibé scéal é, is dócha gur tháinig an téarma ó cheann de theangacha Bantúcha na hAfraice trí Fhraincis Háítí. Focal eile is fiú a lua sa choimhthéacs seo ná ''nzúmbe'', ón teanga Kimbundu. Is é is brí leis ná "taibhse".