An difríocht idir athruithe ar: "Zombaí"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Groupofzombiesjoelf.jpg|thumb|deas|220px|Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu]]
 
Is éard atá i gceist le '''zombaí''' ná [[corpán]] agus é aiséirithe le horthaí [[Marbhdhraíocht|marbhdhraíochta]]. Is é an creideamh Afra-Chairibeach, an [[vudú]], is bunús leis an bhfocal féin ''zombaí'', ach tá coincheap an mharbháin athbheoite le fáil ina lán miotaseolaíochtaí ar fud an domhain. Creideann lucht an vudú gur féidir le h[[asarlaí]] draíocht chumhachtach a chur i bhfeidhmoibriú ar an marbhán agus é a ghairm chun beatha arís. Ní bheidh an zombaí ina bheatha i gceart, áfach, ach ina "neamh-mharbh", agus ó nach bhfuil toil ná tuiscint dá chuid féin aige, fanfaidh sé faoi smacht an mharbhdhraoi a d'aiséirigh é.
 
Bíonn na zombaithe an-choitianta i [[Scannán uafáis|scannáin uafáis]] ár linne. B'é [[George A. Romero]] a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán ''[[Night of the Living Dead]]'' ón mbliain 1968. B'é Romero a chruthaigh steiréitíopa an zombaí mar is minicí a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis orainn é sa lá atá inniu ann. Is é an phríomhdhifríocht idir zombaithe an bhéaloidis Chairibigh agus zombaithe an phopchultúir ná nach mbíonn zombaithe na scannán uafáis faoi smacht aon mháistir: ní bhíonn siad ach ag dul timpeall ina n-amadáin gan chiall, agus aon duine a chasfar orthu, ionsóidh siad é, ionas go dtolgfaidh sé féin galar na "zombaíochta" uathu. Is minic freisin a bhíonn zombaithe na scannán ag baint bhaill an choirp de na daoine beo le páirteanna nua a chur in áit na feola atá ag meath de chnámharlach an zombaí. Sa scannán ''Return of the Living Dead'' le John A. Russo, bhí na zombaithe an-chosúil le daoine beo, nó bhí toil agus tuiscint dá gcuid féin acu, ach san am céanna, theastaigh uathu go géar inchinn na ndaoine beo a ithe, le maolú leis an bpian a bhí orthu féin.