An difríocht idir athruithe ar: "Sergey Dovlatov"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Bhí '''Sergey Donatovich Dovlatov''' (nó ''Dovlatov-Mechik'', ''Серге́й Дона́тович Довла́тов'' nó ''Довлатов-Мечик'') ar scríbhneoirí mór...
 
No edit summary
Líne 5:
Sna blianta 1972-1975, bhí sé ina chónaí san Eastóin, a bhí ina "poblacht" Shóivéadach san am. Shaothraíodh sé a chuid ag iriseoireacht san am, agus é ag scríobh altanna do na nuachtáin áitiúla Rúisise. Thairis sin, áfach, is iomaí cineál eile oibre a chleachtaíodh sé. Mar shampla, bhí sé ina threoraí ag na turasóirí i bpáirc náisiúnta in aice le Pskov. Sa bhliain 1975, chuaigh sé ar ais go Leningrad, agus é ag iriseoireacht ansin chomh maith.
 
Bhí sé ag scríobh gearrscéalta an t-am ar fad, ach is fuar an fháilte a fuair a chuid scríbhinní sna hirisí liteartha. D'éirigh leis scéilín amháin a fhoilsiú sa bhliain 1974 san iris ''Юность/Yunost'' ("An tAos Óg"), ach nuair a bhí an teach foilsitheoireachta úd ''Eesti Raamat'' ("An Leabhar Eastónach") ar tí an chéad leabhar le Dovlatov a chur i gcló, choisc an [[KGB]] an foilsiú.
 
Bhí irisí na ndeoraithe Rúiseacha sna tíortha Iartharacha sásta scríbhinní le Dovlatov a phriontáil, rud nár thaitin leis na húdaráis san Aontas Sóivéadach féin. Le teacht slán ón ngéarleanúint, d'éalaigh sé leis, ar dtús go Vín, agus ina dhiaidh sin go Nua-Eabhrac. Sna Stáit Aontaithe, thosaigh sé féin ag foilsiú na hirise ''Новый американец/Novyi amerikanets'' ("An Meiriceánach Nua"). Foilseachán liobrálach do lucht na deoraíochta ón Aontas Sóivéadach a bhí ann. Anois, chuaigh a chuid leabhar i gcló ceann i ndiaidh a chéile, agus i lár na n-ochtóidí, bhí an ''New Yorker'' sásta na chéad aistriúcháin Bhéarla a fhoilsiú.