An difríocht idir athruithe ar: "Leonid Brezhnev"

Content deleted Content added
m KGB
Líne 49:
Ar an 14 Deireadh Fómhair, agus Khrushchev ar saoire, d'imir na comhcheilgeoirí a gcleas. Chuaigh Brezhnev agus Podgornyi i bhfianaise an Lárchoiste ag lochtú Khrushchev faoi dhrocheacnamaíocht, thíorántacht (is é an téarma a cheap siad le tagairt d'ansmacht Khrushchev ná ''voluntarizm'') agus dhrochbhéasaíocht. Ceapadh Brezhnev ina Chéad Rúnaí ar an bPáirtí, b'é Kosygin a d'iompaigh ina Phríomh-Aire, agus rinneadh Uachtarán d'Anastas Mikoyan. (Sa bhliain 1965, d'éirigh Mikoyan as, agus tháinig Podgornyi ina áit.)
 
Nuair a bhí Khrushchev ina neart, bhí Brezhnev ag tacú leis an bpolasaí a bhí aige tíorántacht Stailín a nochtadh agus a phoibliú, éiric a mbrise a thabhairt do na hiar-phríosúnaigh agus an saol cultúrtha agus intleachtúil a thabhairt chun liobrálachais. Ag dul i gceannas ar an stát dó, áfach, chuir Brezhnev deireadh leis an bhforbairt agus thosaigh sé ag casadh an chloig ar ais. D'éirigh sé an-choimeádach ina dhearcadh. In óráid a thug sé i Mí Bealtaine 1965, agus fichiú cothrom lae an bhua ar an nGearmáin sa Dara Cogadh Domhanda á cheiliúradh, rinne sé an chéad tagairt chairdiúil do Stailín. I Mí Aibreáin 1966, ghlac sé air céim an Rúnaí Ghinearálta, an chéim a bhí ag Stailín go dtí an bhliain 1952. Sa bhliain 1966, freisin, gearradh príosúnacht fhada don bheirt scríbhneoirí úd Yuli Daniel agus Andrey Sinyavskiy. B'é seo an chéad mhórthriail taispeántais den chineál seo i ndiaidh bhás Stailín, agus is é an chiall a baineadh aisti go raibh an tAontas Sóivéadach ag cromadh ar ais ar an gcineál ansmacht a bhí á imirt ar na scríbhneoirí agus ar na hintleachtóirí faoi Stailín. Faoi cheannas Yuri Andropov, fuair na seirbhísí rúnda - [[KGB|Coiste na Slándála Stáit, nó KGB]] - ar ais cuid mhór den chumhacht a bhí acu faoi Stailín, ach, míle buíochas le Dia, níor tháinig purguithe móra na dtríochaidí agus na ndaichidí ar ais.
 
Sa bhliain 1968, bhuail an chéad ghéarchéim rialtas Bhrezhnev. Ansin, bhí ceannairí Cumannacha na Seicshlóvaice, faoi cheannas [[Alexander Dubček]], ag iarraidh an córas Cumannach a liobrálú ("Earrach Phrág"). I Mí Iúil, chuir Brezhnev i leith na Seiceach go raibh siad ag féachaint leis an gCumannachas a "athbhreithniú", go raibh siad ag dul le "frith-Shóivéadachas", agus, i Mí Lúnasa, chuir sé gairm shlógtha ar thíortha Chonradh Vársá an tSeicshlóvaic a ionsaí agus rialtas Dubček a chloí. Chuaigh na heasaontóirí ag agóidíocht sna sráideanna i gcathracha Sóivéadacha. B'é an freagra a thug Brezhnev go raibh an tAontas Sóivéadach i dteideal ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na dtíortha Sóisialacha eile le tarrtháil a thabhairt don tSóisialachas. B'é seo "foirceadal Bhrezhnev", mar a bhaist na hiriseoirí Iartharacha air, ach le fírinne, ní raibh ann ach seanpholasaí Sóivéadach, nó bhí ceannairc eile den chineál chéanna cloíte ag Khrushchev san Ungáir sa bhliain 1956.