An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

Content deleted Content added
Líne 51:
Bunaíodh ''Cheka'', nó an Coimisiún Neamhghnách (is é sin, Coimisiún a raibh cumhachtaí neamhghnácha bronnta air) sé seachtaine i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhí sé leis an stát úr Boilséavach a chosaint in aghaidh a chuid naimhde "buirgéiseacha", go háirithe in aghaidh na nGardaí Dearga. Ó thús báire, bhí sé de nós ag an gCoimisiún easaontas polaitiúil a chealú tríd na "frithréabhlóidithe" a cheistiú agus a chéasadh go brúidiúil. Ba "frithréabhlóidí" gach duine a rabhthas in amhras faoi, ar ndóigh. Ní ba déanaí, dúirt Léinín féin nach dtiocfadh an stát Boilséiveach slán as tréimhse na héiginnteachta i ndiaidh na réabhlóide, ach go bé go raibh an Coimisiún ann. Ar an 20 Nollaig 1920, cuireadh bun le Rannóg na Faisnéise Coimhthíche, nó INO (''Иностранный отдел/Inostrannyi otdel'') le faisnéis a bhailiú ón gcoigríoch. Baisteadh ainm nua ar an gCoimisiún féin, is é sin, OGPU, nó Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit, agus sin é an t-ainm a choinnigh sé ar feadh na bhfichidí agus na dtríochaidí.
 
Bhí oibríochtaí an OGPU ag dul i bhfairsinge sa bhaile agus i gcéin, ach de réir mar a bhí an pharanóia ag dul chun donais ar Stailín, bhí a misneach ag teip ar lucht na rúnseirbhíse. Nuair a bhí Stailín ag rialú na tíre, b'éigean do lucht slándála an stáit "comhchealga" a "nochtadh" nach raibh ann ar aon nós, ach amháin in intinn an deachtóra féin. B'é Stailín féin a dhéanfadh anailis ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na gníomhairí, agus ní raibh aon duine de lucht na rúnseirbhíse féin sách dána le conclúidí a bhaint as an eolas beag beann ar Stailín féin. Na tuairiscí a fuair Stailín le feiceáil, ba mhinic a bhí lucht na rúnseirbhíse tar éis iad a chóiriú agus a dhathú leis an rud ba mhian leis a insint don deachtóir. Sa deireadh thiar, cuireadh cuid mhaith oifigigh de chuid na seirbhíse faisnéise chun báis le linn na bPurguithe Móra faoi dheireadh na dtríochaidí, agus thosaigh an tOGPU go léir ag titim as a chéile. Sa bhliain 1938, cuireadh Genrikh Yagoda chun báis - an t-oifigeach a bhí i gceannas ar an OGPU sna blianta 1934-36 agus a chóirigh na chéad trialacha móra taispeántais. An t-oifigeach a tháinig i gcomharbas ar Yagoda, Nikolay Yezhov, fuair sé an bás céanna sa bhliain 1940. Ar dtús, chuir sé na Purguithe Móra i gcrích, de réir orduithe an deachtóra, agus ina dhiaidh sin, cúisiodh é féin faoi choir éigin nach ndearna sé ar aon nós - díreach mar a rinneadh leis na mílte daoine a maraíodh ar orduithe Yezhov féin.
 
I ndiaidh na bpurguithe, tosaíodh ag atógáil na heagraíochta - NKGB, nó Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit, a bhí uirthi anois. Níor athraigh an ceannasaí nua, Lavrentiy Beriya, a dhath faoin dóigh a raibh an tseirbhís rúnda ag iarraidh Stailín a ghiúmaráil trí chreidiúint a thabhairt dá chuid teoiricí comhcheilge. San am céanna, áfach, bhí ag éirí go maith leis an tseirbhís a cuid gníomhairí a shuí in áiteanna tábhachtacha i saol na dtíortha Iartharacha. Tháinig cuma nua ar an eagraíocht arís sa bhliain 1947, nuair a rith leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Vyacheslav Molotov "Coiste Eolais" nua a bhunú (''Комитет информации/Komitet informatsii'' as Rúisis) a bhunú. Bhí an Coiste seo ceaptha leis an rúnseirbhís - an MGB (Roinn Slándála an Stáit), a bhí uirthi anois - a chumasc le seirbhís faisnéise an Airm (GRU, nó ''Главное Разведывательное Управление/Glavnoye Razvedyvatel'noye Upravleniye'' - "Príomh-Riarachán na Faisnéise"). Nuair a chaill Molotov an meas mór a bhí ag Stailín air, ligeadh an Coiste Eolais i ndearmad.
 
Idir an dá linn, bhí Beriya, a bhí i gceannas ar an Roinn Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé ag comhchruinniú cumhachta ina lámha féin. Bhí sé ag dréim le teacht i gcomharbas ar Stailín. Sa bhliain 1953, fuair Stailín bás, agus ansin, chumaisc Beriya an MGB agus an MVD le chéile. Bhí baill eile an Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh san am seo) barúlach go mbeidís féin i gcontúirt dá sealbhódh Beriya an chumhacht, agus bhain siad tosach de. Cúisíodh faoi "ghníomhaíocht choiriúil in aghaidh an Stáit agus an Pháirtí" é, agus cuireadh chun báis é faoi dheifir. Scoilteadh an MVD arís, agus fuair an sean-MGB ainm nua: an KGB, nó Coiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh.