An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

244 bytes added ,  14 bliain ó shin
Naisc +Íomhá
(Naisc +Íomhá)
Tháinig deireadh le stair an KGB, nuair a bhain an Coirnéal-Ghinearál [[Vladimir Kryuchkov]], Ceannasaí an KGB, leas as acmhainní na seirbhíse slándála san iarracht a rinne seisean agus coimeádaigh eile an Bhiúró Pholaitiúil leis an gcumhacht a sciobadh ó [[Mikhail Gorbachev]] i Mí Lúnasa [[1991]]. Thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, agus caitheadh Kryuchkov i dtóin an phríosúin. Chuaigh an Ginearál Vadim Bakatin i gceannas ar an KGB, agus bronnadh na cumhachtaí air an t-eagras a scor. Ar an 6 Samhain 1991, tháinig dhá sheirbhís slándála nua in áit an KGB, mar atá, an SVR (''Служба Внешней Разведки/Sluzhba Vneshney Razvedki'') nó Seirbhís na Faisnéise Eachtraí, agus an FSB a luadh thuas. Tá an FSB an-chosúil leis an sean-KGB ó thaobh na heagraíochta de.
 
Ó lá a bhunaithe, bhí fórsa slándála stáit an Aontais Shóivéadaigh ceaptha "mar chlaíomh is mar sciath chosanta" do Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh agus don réabhlóid Bhoilséavach. I dtús a staire, is iomaí éacht a d'éirigh leis an bhfórsa, nó san am sin, ní raibh córas státslándála na dtíortha eile, cosúil leis [[an Ríocht Aontaithe]] agus na [[SAM|Stáit Aontaithe]], leath chomh dian is a shílfeá, agus mar sin, bhí sé an-fhurasta ag gníomhairí rúnda an Aontais Shóivéadaigh sleamhnú isteach i státseirbhís na dtíortha seo. Is iomaí duine san Iarthar a fuair an idé-eolaíocht [[Cummanachas|Chumannach]] tarraingteach go leor, agus mar sin, bhí na Sóivéadaigh in ann gníomhairí a earcú as measc mhuintir na dtíortha féin. Sampla maith de seo ab ea iad Cúigear Cambridge, is é sin, cúigear [[Sasana]]ch a bhí ag staidéar in [[Ollscoil Cambridge]] nuair a d'earcaigh slándáil stáit an Aontais Shóivéadaigh iad: [[Kim Philby]], Donald Duart Maclean, Guy Burgess, Anthony Blunt agus an cúigiú fear nár haithníodh riamh go foirmeálta.
 
B'é an t-éacht spiaireachta ba mhó a d'éirigh leis na Sóivéadaigh ná gur insíothlaigh siad Tionscadal Manhattan, an tionscadal a bhí ar obair ag na Meiriceánaigh leis an mbuama adamhach a fhorbairt. Bhí beirt fhisiceoirí de chuid an tionscadail, mar atá, Klaus Fuchs agus Theodore Alvin Hall, ag obair do na Sóivéadaigh.
 
Ní hamháin go raibh an KGB agus a réamhtheachtairí ag bailiú faisnéise - bhí siad ag géarleanúint naimhde polaitiúla Stailín fiú i dtíortha inar chreid siad iad féin slán sábháilte. Ina measc siúd, bhí iarsmaí na nGardaí Bána ó laethanta [[Cogadh Cathartha na Rúise|Chogadh Cathartha na Rúise]], a fuair tearmann sna tíortha Iartharacha, nó [[Leon Trotscaí]], a bhí ina bhall den Rialtas Bhoilséavach ar dtús, agus a chuaigh ar deoraíocht go [[Meicsiceo]] nuair a d'éirigh idir é agus [[Stailín]]. D'éirigh leis na Sóivéadaigh spiaire dá gcuid féin, Cumannach óg ón [[An Chatalóin|gCatalóin]] darbh ainm Ramón Mercader, a sheangú isteach i gciorcal aitheantais Throtscaí, agus mharaigh sé an sean-Bhoilséavach le buille piocóide sa chloigeann.
 
I mblianta an [[Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]], bhí an KGB ag déanamh páirt thábhachtach ag cosaint córas aonpháirtí an stáit Chumannaigh tríd na heasaontóirí polaitiúla a smachtú is a ghéarleanúint. Chuir an KGB brú mór ar dhaoine ar nós [[Aleksandr Solzhenitsyn]] agus [[Andrey Sakharov]]. D'éirigh leis an KGB freisin cuid mhaith faisnéise a bhailiú faoi eolaíocht is faoi theicneolaíocht an Iarthair. Mar shampla, bhí an t-eitleán forshonach Sóivéadach, [[Tupolev Tu-144]], múnlaithe ar an ''[[Concorde]]'', an t-eitleán forshonach a bhí á forbairt ag na Francaigh agus na Sasanaigh in éineacht.
 
In imeacht na mblianta, thosaigh an tobar ag trá ar an KGB, áfach. I ndiaidh don Aontas Shóivéadach éirí amach na [[An Ungáir|hUngáire]] a chloí sa bhliain 1956 agus deireadh a chur le hEarrach Phrág sa bhliain 1968, tháinig an tuiscint ag cuid mhór d'aos óg idéalach an Iarthair nach raibh san Aontas Shóivéadach ach tíorántacht bhrúidiúil. Mar sin, ní raibh an oiread sin de mhuintir an Iarthair sásta cuidiú leis an Aontas Sóivéadach a thuilleadh. Sna blianta deireanacha, b'éigean do na Sóivéadaigh airgead a íoc lena gcuid cúlaistíní Iartharacha.
 
==Modh Oibre an KGB==
Mar is gnách do na seirbhísí faisnéise ar fud an domhain, bhí idir fhoireann dhlíthiúil agus fhoireann neamhdhlíthiúil de chuid an KGB ag oibriú i ngach tír choimhthíoch. Bhí na gníomhairí dlíthiúla ag cur gothaí an taidhleora orthu féin, agus díolúine thaidhleoireachta acu ó dhlíthe na tíre sin. Dá bhfaighfeadh údaráis na tíre amach go raibh gníomhaire dlíthiúil ag déanamh spiaireachta, b'é an rud ba mheasa a d'fhéadfadh tarlú dó ná go ruaigfí as an tír sin é agus go gcaithfeadh sé dul abhaile. Maidir leis na gníomhairí neamhdhlíthiúla, ba léir nach raibh díolúine den chineál sin acu, agus dá mbéarfaí orthu, chaithfidís a shéanadh go raibh baint ar bith acu le rialtas an Aontais Shóivéadaigh.
 
Bhí na Sóivéadaigh ábalta cuid mhaith gníomhairí ardleibhéil a earcú sna tíortha Iartharacha, ó bhí an idé-eolaíocht Chumannach sách tarraingteach i súile a lán daoine ansin. I ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], arís, bhí cuid mhaith daoine nach raibh ina gCumannaigh, bhí siad buíoch beannachtach de na Sóivéadaigh as an éacht a rinne a gcuid trúpaí ag treascairt thíorántacht [[Hitler]]. Ina dhiaidh sin féin, áfach, tháinig maolú ar an gcairdiúlacht idé-eolaíoch i rith na mblianta, nuair a thosaigh radacaigh óga an Iarthair ag lochtú an Aontais Shóivéadaigh faoin gconradh a shínigh Molotov agus Ribbentrop sa bhliain 1939 faoi chríochdheighilt Oirthear na hEorpa agus faoin dóigh ar chloígh na Sóivéadaigh éirí amach na hUngáire sa bhliain 1956 agus gluaiseacht dhaonlathach na Seicshlóvaice sa bhliain 1968. Ní raibh anlathas na seanfhear faoi [[Leonid Brezhnev]] ag taithneamh leis an dream seo ach an oiread. Mar sin, b'éigean don KGB dul i muinín dúmháil agus breabaireachta le gníomhairí nua a earcú san Iarthar.
 
I mbunáiteanna dlíthiúla an KGB, bhí na hoibríochtaí rangaithe go dian:
 
* cúrsaí na bpobal diaspóra ("Líne EM").
[[Íomhá:1990 CPA 6266.jpg|thumb|Kim Philby ar stampa phoist ón APSS (1990)]]
 
Ní raibh struchtúr chomh dian ag an KGB neamhdhlíthiúil, de ghnáth.
 
Cosúil leis na seirbhísí spiaireachta eile, d'aithin an KGB na "gníomhairí" thar na "rialtóirí". B'iad na gníomhairí a bhailíodh agus a sholáthraíodh an fhaisnéis, agus b'iad na rialtóirí a sheachaideadh chuig [[An Chreimil|an gCreimil]] í agus a d'íocadh leis an ngníomhaire. Ba mhinic a bhí sraith fhada de rialtóirí éagsúla ag aon ghníomhaire amháin i rith na mblianta a chaith sé i mbun oibre. Íorónta go leor, nuair a tháinig Kim Philby go [[Moscó]], ní raibh cead isteach aige i gCeanncheathrú an KGB, ó nach raibh ann ach gníomhaire coimhthíoch de chuid an KGB, seachas rialtóir.
 
Is iomaí gníomhaire neamhdhlíthiúil a rugadh sa Rúis féin, agus chaithfeadh an KGB cúlra na ngníomhairí seo a chumadh is a cheapadh go cairéiseach ó thús deiridh agus féiniúlacht duine eile a bhronnadh orthu. Bhí dhá fhéidearthacht ann: d'fhéadfaí féiniúlacht duine bheo a thabhairt dó, agus an duine seo ag cuidiú leis an gcúlra bréige a sholáthar; nó d'fhéadfaí féiniúlacht duine mhairbh a bhronnadh air agus an chuma a chur ar na cúrsaí nach bhfuair an duine seo bás ar aon nós.
==Stair an KGB==
 
Bunaíodh ''Cheka'', nó an Coimisiún Neamhghnách (is é sin, Coimisiún a raibh cumhachtaí neamhghnácha bronnta air) sé seachtaine i ndiaidh [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]]. Bhí sé leis an stát úr Boilséavach a chosaint in aghaidh a chuid naimhde "buirgéiseacha", go háirithe in aghaidh na nGardaín[[Gardaí Dearga]]. Ó thús báire, bhí sé de nós ag an gCoimisiún easaontas polaitiúil a chealú tríd na "frithréabhlóidithe" a cheistiú agus a chéasadh go brúidiúil. Ba "frithréabhlóidí" gach duine a rabhthas in amhras faoi, ar ndóigh. Ní ba déanaí, dúirt Léinín féin nach dtiocfadh an stát Boilséiveach slán as tréimhse na héiginnteachta i ndiaidh na réabhlóide, ach go bé go raibh an Coimisiún ann. Ar an 20 Nollaig 1920, cuireadh bun le Rannóg na Faisnéise Coimhthíche, nó INO (''Иностранный отдел/Inostrannyi otdel'') le faisnéis a bhailiú ón gcoigríoch. Baisteadh ainm nua ar an gCoimisiún féin, is é sin, OGPU, nó Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit, agus sin é an t-ainm a choinnigh sé ar feadh na bhfichidí agus na [[1930idí|dtríochaidí]].
 
Bunaíodh ''Cheka'', nó an Coimisiún Neamhghnách (is é sin, Coimisiún a raibh cumhachtaí neamhghnácha bronnta air) sé seachtaine i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhí sé leis an stát úr Boilséavach a chosaint in aghaidh a chuid naimhde "buirgéiseacha", go háirithe in aghaidh na nGardaí Dearga. Ó thús báire, bhí sé de nós ag an gCoimisiún easaontas polaitiúil a chealú tríd na "frithréabhlóidithe" a cheistiú agus a chéasadh go brúidiúil. Ba "frithréabhlóidí" gach duine a rabhthas in amhras faoi, ar ndóigh. Ní ba déanaí, dúirt Léinín féin nach dtiocfadh an stát Boilséiveach slán as tréimhse na héiginnteachta i ndiaidh na réabhlóide, ach go bé go raibh an Coimisiún ann. Ar an 20 Nollaig 1920, cuireadh bun le Rannóg na Faisnéise Coimhthíche, nó INO (''Иностранный отдел/Inostrannyi otdel'') le faisnéis a bhailiú ón gcoigríoch. Baisteadh ainm nua ar an gCoimisiún féin, is é sin, OGPU, nó Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit, agus sin é an t-ainm a choinnigh sé ar feadh na bhfichidí agus na dtríochaidí.
 
Bhí oibríochtaí an OGPU ag dul i bhfairsinge sa bhaile agus i gcéin, ach de réir mar a bhí an pharanóia ag dul chun donais ar Stailín, bhí a misneach ag teip ar lucht na rúnseirbhíse. Nuair a bhí Stailín ag rialú na tíre, b'éigean do lucht slándála an stáit "comhchealga" a "nochtadh" nach raibh ann ar aon nós, ach amháin in intinn an deachtóra féin. B'é Stailín féin a dhéanfadh anailis ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na gníomhairí, agus ní raibh aon duine de lucht na rúnseirbhíse féin sách dána le conclúidí a bhaint as an eolas beag beann ar Stailín féin. Na tuairiscí a fuair Stailín le feiceáil, ba mhinic a bhí lucht na rúnseirbhíse tar éis iad a chóiriú agus a dhathú leis an rud ba mhian leis a insint don deachtóir. Sa deireadh thiar, cuireadh cuid mhaith oifigigh de chuid na seirbhíse faisnéise chun báis le linn na bPurguithe Móra faoi dheireadh na dtríochaidí, agus thosaigh an tOGPU go léir ag titim as a chéile. Sa bhliain 1938, cuireadh Genrikh Yagoda chun báis - an t-oifigeach a bhí i gceannas ar an OGPU sna blianta 1934-36 agus a chóirigh na chéad trialacha móra taispeántais. An t-oifigeach a tháinig i gcomharbas ar Yagoda, Nikolay Yezhov, fuair sé an bás céanna sa bhliain 1940. Ar dtús, chuir sé na Purguithe Móra i gcrích, de réir orduithe an deachtóra, agus ina dhiaidh sin, cúisiodh é féin faoi choir éigin nach ndearna sé ar aon nós - díreach mar a rinneadh leis na mílte daoine a maraíodh ar orduithe Yezhov féin.