An difríocht idir athruithe ar: "Béaloideas na hÉireann"
Content deleted Content added
Eolas tógtha ón leathanach "Béaloideas" |
(No difference)
|
Leagan ó 19:15, 26 Bealtaine 2008
Bíonn traidisiún láidir béaloidis ag neart pobal tuaithe ar fud an domhain, Éire san áireamh. De ghnáth, baineann an béaloideas le heachtraí stairiúla a tharla sa gceantar máguaird, m.sh. bá tragóideach iascairí, nó le heachtraí daoine cáiliúla ón stair, m.sh. Gráinne Mhaol. Caitheamh aimsire a bhíodh sa mbéaloideas roimh ré na litearthachta fairsinge, ach tá suim réasúnta mór fós in ealaín insinte scéil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil formhór an phobail dulta i dtuilleamaí na teilifíse agus na meán cumarsáide eile le haghaidh a gcuid nuachta agus a gcuid seanchais.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |