An difríocht idir athruithe ar: "Johan Ludvig Runeberg"

Content deleted Content added
Líne 26:
 
"Maith thú, maith thú", a scairt sé (ceannfort na ndíormaí Sualannacha, is é sin), "maith thú, lean ort, a bhuachaill bhreá. Ná lig d'aon diabhal acu teacht thar an droichead, lean ort ar feadh tamaillín fós! Seo daoibh saighdiúir a thuill a ainm, sin mar ba chóir don Fhionlannach cath a chur. Brostaigí libh, a bhuachaillí, chun fortachta dó! Eisean a shábháil gach mac máthar againn."
 
Ní thagann an chabhair in am, agus sa deireadh thiar, feicimid Sven sínte marbh ina spréiteachán san fhéar. Cromann Sandels, an ceannfort, ar é a scrúdú, agus sonraíonn sé go bhfuil poll piléir díreach in aice le croí an tsaighdiúra. An tátal a bhaineann sé as seo, is cuid de bhéaloideas na bhFionlannach inniu é:
 
:"Den kulan visste hur den tog, det måste erkänt bli",
:så talte generalen blott, "den visste mer än vi.
:Den lät hans panna bli i fred, ty den var klen och arm,
:och höll sig till vad bättre var: hans ädla, rätta barm."