An difríocht idir athruithe ar: "Fionn Mac Cumhaill (scríbhneoir)"

Content deleted Content added
Rang +IV +Naisc
Líne 1:
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ab ea '''Mánas Mac Cumhaill''', a scríobh a chuid leabhar faoin ainm cleite '''Fionn Mac Cumhaill'''. Tháinig sé chun saoil i Leitir Catha i gceantar na Rosann i [[Contae Dhún na nGall|dTír Chonaill]], agus táilliúir ab ea a athair. Chuaigh Mánas óg le múinteoireacht i ndiaidh dó seal a chaitheamh ag foghlaim léinn i gColáisteg[[Coláiste Uladh]] timpeall ar an mbliain 1909, ach ina dhiaidh, fuair sé post sa Státseirbhís, agus is ansin a d'fhan sé an chuid eile dá shaol oibre.
 
An t-ainm cleite a ghlac sé air, is leasainm é a fuair sé sa choláiste. Chruthaigh sé thar barr ag lúthchleasaíocht, agus mar sin, bhí a chuid comhscoláirí barúlach nár mhiste ainm an laoich mhóir ón bhFiannaíochtbh[[Fiannaíocht]] a thabhairt ar Mhánas.
 
Ba dual do mhuintir Mhánais an seanchas agus an scéalaíocht, agus nuair a thosaigh sé féin ag [[Litríocht|scríbhneoireacht]], bhí sé go leor faoi thionchar na stíle traidisiúnta béal-litríochta a d'fhoghlaim sé óna mhuintir. Ní dhearna Mánas riamh mórán forbartha ón leibhéal sin anuas mar scríbhneoir, agus is dócha nár theastaigh uaidh riamh ach litríocht éadrom a sholáthar do na cainteoirí dúchais, litríocht a bheadh fréamhaithe go daingean in ithir an tseanfhóid. Téama lárnach ab ea saol a phobail agus a cheantair féin ina chuid scríbhinní. Thairis sin, fear mór creidimh agus crábhaidh a bhí ann, i bhfad níos mó ná na scríbhneoirí Gaeltachta eile féin.
 
Bhí Mánas óg go leor nuair a cailleadh a mháthair, rud a thug an-drochbhuille dó de réir mar is féidir a aithint ar a chuid leabhar. Is minic a thugann sé cur síos ar bhuachaill beag sa chruachás céanna ina raibh sé féin ina bhrín óg dó, agus é ag dul i muinín an reiligiúin le maolú a fháil ar a mhéala.
 
San [[úrscéal]] beag ''Is é Dia an Fear is Fearr'', d'inis sé scéal buachalla bhig ó [[Éirinn]] a chuaigh le buachailleacht bó sna [[Stáit Aontaithe]] nuair a d'fhás sé aníos - buachaill beag eile a chaill a mháthair go moch ina shaol. Eachtraí ón Iarthar Fiáin atá i gceist le cuid mhór d'imeachtaí an leabhair bhig seo, ach sa deireadh thiar thall, is í an chráifeacht a fhaigheann an ceann is fearr ar an scríbhneoir agus ar an bpríomhphearsa araon.
 
De na leabhair a tháinig as peann Fhinn Mhic Cumhaill, is iad ''Na Rosa go Brách'' agus ''Gura Slán le m'Óige'' an dá cheann is mó a gcuirfeadh léitheoir ár linne féin suim iontu. Cosúil le go leor scríbhneoireacht Gaeltachta ón tréimhse chéanna, tá siad an-tábhachtach mar chaipéisí sóisialta, agus an cur síos atá iontu ar nósanna an phobail, gan dearmad a dhéanamh den chomhrá nádúrtha i nGaeilge ghlan na laethanta a bhí. Rud eile fós, mar a dúirt Séamas Ó Searcaigh, ''ba deacair Fionn Mac Cumhaill a shárú agus é ag cur síos ar throid''.
Líne 14:
 
===Le Fionn Mac Cumhaill===
 
* ''Na Rosa go Brách'', eag. Anraí Mac Giolla Chomhaill. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997.
 
* ''Gura Slán le m'Óige''. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1974.
 
* ''Is é Dia an Fear is Fearr''. Comhlacht Oideachais na hÉireann, gan dáta.
 
* ''Slán leat, a Mhaicín''. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998.
 
===Faoi Fhionn Mac Cumhaill===
* Ó LAOIRE, Liam: ''Scríbhneoireacht Fhinn Mhic Cumhaill''. Leathanaigh 119-132 i: ''Scríbhneoireacht na gConallach''. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990.
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Mac Cumhaill, Fionn]]
Ó LAOIRE, Liam: ''Scríbhneoireacht Fhinn Mhic Cumhaill''. Leathanaigh 119-132 i: ''Scríbhneoireacht na gConallach''. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990.
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1885|Mac Cumhaill, Fionn]]
[[Catagóir:Básanna i 1965|Mac Cumhaill, Fionn]]