An difríocht idir athruithe ar: "Cosslett Ó Cuinn"

Content deleted Content added
m Cat.
mNo edit summary
Líne 1:
[[Sagart]] de chuid [[Eaglais na hÉireann]] ba ea '''Coslett Ó Cuinn''' ([[27 Feabhra]] [[1907]] - [[6 Nollaig]] [[1995]]), a rugadh i n[[Doire Achaidh]], [[Contae Aontroma]], [[Éire]]. Fuair sé a chuid [[oideachas|oideachais]] i m[[Baile Átha Cliath]] agus i m[[Béal Feirste]], agus d'fhreasstasfhreastail sé ar [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]] ina dhiaidh sin. Bronnadh céim sa [[Diagacht]] air i [[1940]] agus ghnóthaigh sé bonn óir sna [[Clasaicí]]. Chuir sé spéis sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus é ina mhac léinn agus rinne staidéar ar [[Gaeilge Uladh|Ghaeilge Uladh]]. Ba mhinic a thug sé cuairt ar [[Gabhla|Ghabhla]] agus ar [[na Doirí Beaga]] i d[[Tír Chonaill]]. Chaith sé tamall ina dhéagánach i mBéal Feirste agus in [[Inis Eoghain]]. Bhailigh sé [[béaloideas]] i d[[Toraigh]] agus in [[Árainn Mhór]]. Mar shéiplíneach cuireadh ag obair é in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann.
 
File, diagaire, [[léirmheas]]tóir, scoláire bíobalta, agus ball den ghluaiseacht [[Éaciúméineachas|éiciúméineach]] a bhí ann. Ceapadh é ina [[ollamh]] le [[Gréigis]] an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961, agus thosaigh sé ag obair ar aistriúchán nua den Tiomna Nua i gcomhar le h[[Earnán de Siúnta]]. D'aistrigh sé Leabhar na Salm agus Leabhar Urnaí Eaglais na hÉireann go Gaeilge chomh maith. D'aistrigh sé [[Cúirt an Mheánoíche]] go Béarla chomh maith le roinnt dánta le [[Seán Ó Ríordáin]]. D'fhoilsigh [[Coiscéim]] dhá leabhar a d'asitrigh sé ón [[Spáinnis]]. Bhí sé ar dhuine díobh siúd a mhol [[Máirtín Ó Cadhain]] do phost léachtóra i gColáiste na Tríonóide.